OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

Méid an Téacs :

Liocadh | NÍOS MÓ

OPAS


Cuardaigh an Suíomh:

Mionchuardach

Saoráil Faisnéise

Is comhlacht poiblí é Oifig an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit do chuspóirí an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997. Ba chóir a thabhairt faoi deara áfach, faoi alt 46 den Acht níl cáipéisí cruthaithe ag nó i seilbh an Ard-Aighne seachas taifid i leith riarachán ginearálta na hOifige clúdaithe ag an Acht.

Mar thoradh ar sin tá ceart ag an bpobal rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le riarachán ginearálta Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ach sin a mhéid.

Chomh maith le seo tugann Oifig an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle dlíthiúil do Ranna Rialtais ar léirmhíniú an Achta um Shaoráil Faisnéise.

Is féidir eolas faoi theagmháil a dhéanamh leis an Oifig maidir le hiarratais Saoráil Faisnéise a fháil san fhoilseachán:

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath 8, Éire.
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: contact@csso.gov.ie
http://www.csso.gov.ie

© Rialtas na hÉireann