OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

 

Earcaíocht in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit

Cuimsítear aturnaetha, feidhmeannaigh dlí agus foireann riaracháin in OPAS.

Is ag leibhéal Aturnae a thagtar isteach sa sruth Gairmiúil. Ní mór d’iarrthóirí a bheith cláraithe mar aturnae sa Stát nó go bhfuiltear ag súil le bheith cláraithe nó cáilithe sa Stát ar dháta sonrach nó roimhe sin. Is ag leibhéal Feidhmeannaigh Dlí a thagtar isteach sa sruth Teicniúil. Éilítear go mbíonn dhá bhliain taithí ar a laghad a bhaineann le dualgais dhlíthiúla in oifig aturnae ag iarrthóirí agus go mbíonn dioplóma faofa acu sa staidéar dlí. Is ag grád earcaíochta ginearálta na státseirbhíse a thagtar isteach sa sruth Riaracháin.

Déantar comórtais earcaíochta i gcomhair poist bhuana ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son na hOifige seo agus fógraítear iad ar a suíomh gréasáin www.publicjobs.ie. Uaireanta earcaímid faoi cheadúnas ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun folúntais Aturnae ar conradh a líonadh - beidh fógraí le haghaidh na bpost sin ar an suíomh gréasáin seo.

Tá cód cleachtais i gcomhair ceapacháin chun post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

Tá Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit tiomanta do bheartas comhdheise.

LinkedIn Lean muid ar LinkedIn

Barr

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, Éire
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
http://www.csso.ie

© Rialtas na hÉireann