Tá tú anseo:
OPAS Baile › Feidhmeanna Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit
Feidhmeanna Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit
San áireamh mar fheidhmeanna an OPAS tá:
- Seirbhís aturnae a chur ar fáil i ngach cúirt sibhialta lena bhfuil aon Roinn Rialtais nó aon údarás Stáit eile bainteach.
- Tíolacadh maoine Stáit agus seirbhísí dlí maoine coibhneasacha.
- Comhairle dlí a sholáthar ar ábhair éagsúla atá curtha isteach ag Ranna Rialtais agus na cáipéisí dlíthiúla coimhdeacha riachtanacha a dhréachtú.
- Gach ionchúiseamh tionscanta ag Airí nó Ranna Rialtais a ullmhú agus a chur i láthair.
- Gníomhú mar Ghníomhaire don Rialtas roimh Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa (BCE).
- Gníomhú ar son an Stáit i bhfiosrúcháin faoin Acht um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise), 1921 agus foireann dlí a sholáthar le ghníomhú do na Binsí.
- Seasamh ar son an Stáit agus Údarás Stáit i gcánachais chostais roimh na Máistrí Fómhais.
- Comhairliú agus conarthaí tráchtála a ullmhú do chliaint Rialtais.
- Comhairliú agus seasamh ar son páirtithe Stáit i gcásanna dlí dídeanaí agus tearmainn.
- Gníomhú ar son an Stáit in eiseachadadh, imeachtaí barántais ghabhála Eorpacha, cásanna comhairíochta, agus cásanna a bhaineann le príosúnaigh faoi phianbhreith a aistriú.
Coir a Ionchúiseamh
De ghnáth is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) a chuireann an tseirbhís aturnae ar fáil d'ionchúiseamh na coire trí Oifig Príomh-Aturnae an Stáit. Má thagann ionchúisimh chun cinn lasmuigh de Bhaile Átha Cliath leanann an tseirbhís aturnae Stáit áitiúil leis an seirbhís aturnae a sholáthar. Aistriú an fhreagracht as an seirbhís aturnae Stáit áitiúil a sholáthar agus a bhainistiú ón OPAS go dtí Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar an 15ú la de mhí Bealtaine 2007.
Barr
Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath 8, Éire.
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: contact@csso.gov.ie
http://www.csso.gov.ie
© Rialtas na hÉireann