Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachta maidir leis an láithreán gréasáin seo. Nílimid freagrach as an ábhar nó na cleachtais phríobháideachta atá ar láithreáin ghréasáin eile. Tá naisc sheachtracha do láithreáin ghréasáin eile inaitheanta go ríshoiléir dá réir sin. Tá míniú ar chuid de na téarmaí teicniúla atá in úsáid sa ráiteas seo le fáil i Gluais.
Tá meas iomlán ag Oifig an Ard-Aighne ar do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileoidh an Oifig faisnéis phearsanta ar bith fút ar an láithreán gréasáin seo gan chead uait. Caithfear le faisnéis phearsanta ar bith a thugann tú don Oifig leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.
Ní bhailíonn Oifig an Ard-Aighne sonraí pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo, seachas faisnéis a chuireann tú féin ar fáil. Ní bhíonn aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil ar an mbealach seo ar fáil do thríú páirtí ar bith, agus is san Oifig a bhaintear úsáid as, de réir na cúise ar chuir tú an fhaisnéis ar fáil.
Logálann ár soláthraí seirbhíse idirlín (ISP) sonraí teicniúla i leith cuairteanna chuig an láithreán gréasáin seo do chúiseanna staitistiúla. Ní bhailítear faisnéis ar bith a bhféadfaimis a úsáid chun cuairteoirí chuig an láithreán gréasáin a aithint. Tá na sonraí teicniúla a logáiltear teoranta do na nithe seo a leanas:
Ní dhéanfaidh Oifig an Ard-Aighne aon iarracht cuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla liostaithe thuas a cheangal le duine ar bith. Is é polasaí na hOifige gan faisnéis theicniúil mar sin a nochtadh choíche i leith cuairteoirí aonair ar an láithreán gréasáin do thríú páirtí ar bith, mura gceanglaíonn an dlí orthu a leithéid d'fhaisnéis a nochtadh trí riail dlí. Is í Oifig an Ard-Aighne amháin a bhainfidh úsáid as an bhfaisnéis theicniúil, do chúiseanna staitistiúla agus cúiseanna riaracháin eile. Bíodh a fhios agat nach ionann sonraí teicniúla nach féidir linn a cheangal le duine inaitheanta, agus sonraí pearsanta de réir cúiseanna na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.
Is éard atá i gceist le seoladh IP ná sonraí do ríomhaire a aithint (nó ríomhaire cuideachta idirlín), atá á chur in iúl i gcód "prótacail idirlín" (mar shampla 192.168.58.24). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá nasctha leis an idirlíon, cé go mb'fhéidir nach mbíonn an seoladh mar an gcéanna gach uair a dhéantar ceangail.
Is éard atá i gceist le brabhsálaí gréasáin ná an píosa bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh (mar shampla, Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator, Mozilla Firefox agus Opera).