Tá idir foireann dhlíthiúil agus neamhdhlíthiúil ag obair san AGO. Earcaítear foireann tríd an gCoimisiún um Cheapacháin Phoiblí (Coimisiún na Státseirbhíse tráth), ach amháin roinnt poist áirithe do shainfhoirne. Is é an láithreán gréasáin atá acu www.publicjobs.ie
Nílimid ag lorg iarratas do phoist laistigh den Oifig faoi láthair. Beidh folúntais ar bith a thagann chun cinn fógartha anseo áfach.
De ghnáth, ní mór do dhuine a bheith glaoite chuig an mbarra agus taithí iar-cháilithe de cheithre bliana dhlíthiúla ar a laghad ag duine le cáiliú do phost mar Abhcóide Comhairleach. Nuair a thagann folúntais chun cinn fógraítear iad sa phreas náisiúnta, ar an láithreán gréasáin seo agus leis an gCoimisiún um Cheapacháin Phoiblí (féach ar an nasc thuas).
De ghnáth, ní mór do dhuine a bheith cáilithe mar abhcóide nó aturnae le ceithre bliana de thaithí iar-cháilithe ar a laghad chun cáiliú do cheapachán mar Dhréachtóir Parlaiminte Cúnta. Nuair a thagann folúntais chun cinn fógraítear iad sa phreas náisiúnta, ar an láithreán gréasáin seo agus leis an gCoimisiún um Cheapacháin Phoiblí (féach ar an nasc thuas).