Skip to main content

An tArd-Aighne

Ceapadh Rossa Fanning ina Ard-Aighne na hÉireann ar an 17 Nollaig 2022. Sa ról sin, freastalaíonn sé ar an gComh-Aireacht mar chomhairleoir dlí don Rialtas agus mar phríomhoifigeach dlí an Stáit. Sular ceapadh é ina Ard-Aighne, bhí sé ina Abhcóide Sinsearach i gcleachtas príobháideach ag Barra na hÉireann le riar cásanna éagsúla a chuimsigh dlí tráchtála, dlí poiblí agus athbhreithniú breithiúnach, faillí ghairmiúil, dliteanas i leith táirgí, clúmhilleadh agus dlí príobháideachta. Le linn dó a bheith i gcleachtas príobháideach, tháinig sé trí chuireadh mar shaineolaí dlí os comhair Roghchoiste an Oireachtais ar Phoist, Coimirce Sóisialta agus Oideachas agus os comhair an Chomhchoiste ar an mBunreacht agus an Coinbhinsiún ar an mBunreacht. D'fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar fheidhmigh sé ina Iniúchóir ar Dhlí-Chumann UCD. Bhain sé céim BCL Céadonóracha amach in 1997 agus bronnadh Duais Chuimhneacháin Swift McNeill air, ag críochnú sa chéad háit. Bhronn UCD Scoláireacht Taighde Iarchéime air, agus chríochnaigh sé tráchtas i réimse an nós imeachta shibhialta ar bronnadh LL.M le Céadonóracha air ina leith. Glaodh chun Bharra na hÉireann é in 1999 tar éis dó céim a bhaint amach in Óstaí an Rí sa chéad háit mar Scoláire John Brooke. Bronnadh Trófaí Cuimhneacháin Christina Murphy air mar bhuaiteoir aonair Dhíospóireacht The Irish Times an bhliain chéanna. Bronnadh Scoláireacht Fulbright agus Comhaltacht Ollscoile air chun LL.M a dhéanamh san Ollscoil Michigan áit ar bhain sé céim amach sa bhliain 2000. Bhí sé ina léachtóir coláiste i Scoil Dlí Sutherland in UCD idir 2001 agus 2009, ag léachtóireacht i réimsí an dlí Bhunreachtúil agus dlí na gCuideachtaí. Is Idirghabhálaí Creidiúnaithe CEDR é agus rinneadh Abhcóide Sinsearach de in 2016 agus glacadh leis i mBarra Thuaisceart Éireann in 2019. Tá sé ina bhinseoir agus ina Chomhalta ex officio de Chomhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí, ina Chomhalta de Chomhairle Ghinearálta Bharra na hÉireann agus ina Leas-Uachtarán ar Ionad na hÉireann do Dhlí na hEorpa.

AG_Rossa_Fanning_SC