Skip to main content

Eagraíocht agus Struchtúr

Is é an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte ceannaire Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte (OPC) agus is é siúd atá foriomlán freagrach as na seirbhísí dréachtaithe reachtaíochta a chuireann an OPC ar fáil. Tá an OPC roinnte ina 4 ghrúpa, agus tá Bainisteoir Grúpa, nach bhfuil ar chéim níos ísle ná Dréachtóir Parlaiminte, i gceannas ar gach grúpa. Tuairiscíonn na Bainisteoirí Grúpa don Phríomh-Dhréachtóir Parlaiminte. Tá gach grúpa freagrach as seirbhísí dréachtaithe a sholáthar do Ranna Rialtais ar leith. Tá gach Bainisteoir Grúpa freagrach as soláthar seirbhísí dréachtaithe an ghrúpa a bhfuil sé/sí i gceannas air do Ranna Rialtais a bhainistiú. Tá an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte freagrach as pearsanra a dháileadh i measc gach grúpa dréachtaithe.