Skip to main content

Coiste Reachtaíochta an Rialtais

Tá Príomh-Aoire an Rialtais ina chathaoirleach ar Choiste Reachtaíochta an Rialtais (GLC) agus i measc na gcomhaltaí ann tá an tArd-Aighne, an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte, Bainisteoirí Cláir na bpríomhpháirtithe sa Rialtas, Ceannaire Sheanad Éireann (Teach Uachtarach Pharlaimint na hÉireann) agus ionadaithe ó Roinn an Taoisigh agus ó Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte.

Oibríonn an OPC go dlúth leis an GLC lena chinntiú go gcuirtear Clár Reachtaíochta an Rialtais i bhfeidhm. Is í feidhm an GLC cabhrú leis an Rialtas tosaíochtaí reachtacha a réiteach don chéad sheisiún parlaiminte eile agus féachaint chuige go gcuirtear clár reachtaíochta an Rialtais i bhfeidhm. Déanann sé é sin trí mholtaí a thabhairt don Rialtas maidir le leibhéal na tosaíochta ar cheart a thabhairt do dhréachtú gach Bille (a bhfuil an dréachtú údaraithe ag an Rialtas) agus trí bhaic a d'fhéadfadh teacht chun cinn sa chóras a aithint agus modh gníomhaíochta a mholadh chun moilleanna sa phróiseas dréachtaithe a sheachaint.

Sula dtosaíonn gach seisiún Dála foilsíonn an Rialtas preasráiteas ina leagtar amach a thosaíochtaí reachtacha don seisiún sin. Tá baint ag an GLC leis an dréacht-phreasráiteas a ullmhú. Scaiptear an dréacht-phreasráiteas i measc na n-Airí sula bhfaigheann Cathaoirleach an GLC údarú ón Rialtas é a fhoilsiú. Ag an gcéim sin, is féidir leis na hAirí a dtosaíochtaí reachtacha don chéad sheisiún Dála eile a chur in iúl. Braitheann an clár oibre a bhíonn ag an OPC don seisiún Dála atá i gceist ar na tosaíochtaí reachtacha atá leagtha amach sa phreasráiteas.

Cuireann an GLC meicníocht idirghabhála thábhachtach ar fáil maidir le héilimh iomaíocha na Ranna ar sheirbhísí na nDréachtóirí Parlaiminte.