Athúsáid Fhaisnéise na hEarnála Poiblí
Rialacháin um Fhaisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005).
Cloíonn Oifig an Ard-Aighne leis na Rialacháin um Fhaisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid féin. Is féidir faisnéis agus cáipéisí faighte ón suíomh gréasáin seo (www.attorneygeneral.ie) a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an ceadúnas PSI is déanaí atá infhaighte ag www.psi.gov.ie.
Is cóipcheart de chuid Oifig an Ard-Airge í an fhaisnéis atá sonraithe ar ár suíomh gréasáin seachas nuair a léirítear a mhalairt. Is féidir leat an fhaisnéis ar ár suíomh gréasáin a athúsáid saor in aisce.
Is éard a áirítear le hathúsáid ná cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craolachán agus aistriú go teangacha eile. Clúdaítear staidéar agus taighde neamh-thráchtála chomh maith.
Ta athúsáid faoi réir na coinníollacha seo a leanas. Ní foláir duit:
- aitheantas a thabhairt don fhoinse agus dár gcóipcheart i gcásanna ina sholáthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
- an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
- gan an fhaisnéis a úsáid i mbealach míthreorach;
- gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le táirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn;
- gan an fhaisnis a úsáid le haghaidh nó i dtacaíocht cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mí-ionraice.
Níl Oifig an Ard-Aighne freagrach as ucht aon chaillteanas nó dliteanas bainteach le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhnítear go bhfuil an fhaisnéis suas chun dáta nó saor ó bhotúin. Ní thugann Oifig an Ard-Aighne an t-údarás d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith acu ar athúsáid a cuid faisnéise.
Le haghaidh sonraí iomlána ar an bhfaisnéis coinnithe ar an suíomh gréasáin seo féach ar ár léarscáil láithreáin.