Skip to main content

Ráiteas Príobháideachta agus Fianán

Ráiteas Ginearálta

Tá ardmheas ag Oifig an Ard-Aighne ar do chearta príobháideachais, agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan do chead. Láimhseálfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don Oifig go deonach leis an gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, go cruinn de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 agus 2018.

Úsáid fianán

Ní úsáideann Oifig an Ard-Aighne Fianáin ar an láithreán gréasáin seo.

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuirtear ar do ríomhaire ag suíomh gréasáin. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. Is féidir go mbainfidh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán le do ghnásanna brabhsála ar shuíomh gréasáin, nó is uimhir uathúil aitheantais é ionas go mbeidh an suíomh gréasáin in ann 'cuimhneamh' ort nuair a thugann tú cuairt eile. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an tsuímh gréasáin.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Ní bhailíonn Oifig an Ard-Aighne aon sonraí pearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo, seachas an fhaisnéis a thugann tú go deonach. Ní chuirtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú sa chaoi seo ar fáil d'aon tríú páirtí, agus ní úsáideann an Oifig í ach amháin ar aon dul leis an bhfeidhm ar thug tú dúinn í ina leith.