Skip to main content

Scéim Foilseachán um Shaoráil Faisnéise

 [Réamhrá]  [Eolas faoi Oifig an Ard-Aighne]
 [Feidhmeanna an Ard-Aighne]  [Taifid i seilbh na hOifige]
 [Beartas, Reachtaíocht agus cúrsaí gaolmhara]  [Pleananna & Straitéisí Corparáideacha ]
 [Tuarascáil Bhliantúil ]  [Struchtúr Eagrúcháin]  [Socruithe Rialachais agus Bainisteoireachta ]  [Grádú Pá]  [Suíomh na hOifige]  [Fiosrúcháin ó na Meáin ]  [Cairt Chustaiméirí]
 [Cód Cleachtais]  [Seirbhísí a Chuirtear ar Fáil don Phobal ]  [Eolas Airgeadais ]
 [Eolas arna fhoilsiú ag an Oifig]  [Iarratais ar an Oifig ar Shaoráil Faisnéise ]
 [An Ceart Athbhreithniú Inmheánach a fháil ar Chinneadh]  [An Ceart ar Tuilleadh Achomhairc]  [Táillí ar Iarratais ar Shaoráil Faisnéise]

Réamhrá

Is comhlacht poiblí í Oifig an Ard-Aighne (Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit san áireamh) chun críche an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Is ceart a rá áfach gur faoi Alt 42 den Acht, nach gclúdaítear faoin Acht taifid arna gcruthú ná arna gcoinneáil ag an Ard-Aighne, ach amháin taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige.

Is é is ciall le seo nach bhfuil sé de cheart ag an bpobal teacht ar aon taifid eile ach amháin na taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige.

Ullmhaítear an Scéim Fhoilseacháin seo a leanas faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014. Tháinig an Scéim i gcrích 14 Aibreán 2016. Is é is cuspóir léi soláthar faisnéise a éascú a oiread agus is féidir, gan faisnéis a díolmhaíodh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a chur san áireamh.

Is ar an nGréasán atá an Scéim bunaithe agus tá naisc inti go hábhar tagartha atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin, ábhar a ndéanfar é a leasú chun dáta mar a fhoráiltear faoin Acht. Cuirfear cóip chrua ar fáil ar chúiseanna amhairc ach coinne a dhéanamh.

Eolas faoi Oifig an Ard-Aighne

Sainmhínítear ról an Ard-Aighne in Airteagal 30 den Bhunreacht mar "is é is comhairleach don Rialtas i gcúrsaí dlí agus i dtuairimí dlí". Is féidir teacht ar fheidhmeanna, ar chumhachtaí agus ar dhualgais an Ard-Aighne sa Bhunreacht, sa reachtaíocht (Alt 6 den Acht um Airí agus Rúnaithe 1924 go príomha), i dtionól bunreachtúil agus i gcinntí breithiúnacha a tugadh roimh bhunú an Stáit agus ina dhiaidh sin freisin.

Feidhmeanna an Ard-Aighne

Tá réimse leathan feidhmeanna ag an Ard-Aighne agus seo iad:

  • Freastalaíonn an tArd-Aighne ar chruinnithe Rialtais mar chomhairleoir dlí don Rialtas. Cuireann an tArd-Aighne comhairle ar an Rialtas faoi na saincheisteanna uile bunreachtúla agus dlíthiúla a thagann chun cinn maidir le cruinnithe Rialtais, nó ag cruinnithe Rialtais.
  • Is é an tArd-Aighne atá freagrach as reachtaíocht a dhréachtú chun riachtanais bheartais na nAirí a chomhlíonadh. Chomh maith le soláthar na ndréachtbheartais a chinntiú, tugann sé comhairle freisin maidir le reachtaíocht mholta agus conas a chomhlíonann sí forálacha an Bhunreachta, forálacha an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine agus forálacha Dlí an Aontais Eorpaigh.
  • Is é an tArd-Aighne a dhéanann ionadaíocht ar an Stát in imeachtaí uile dlí a bhaineann leis an Stát.
  • Is é an tArd-Aighne a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal in imeachtaí uile dlí maidir leis an dlí a chur i bhfeidhm agus cearta an phobail a dhearbhú nó a chosaint.
  • Is é an tArd-Aighne a dhéanann cosaint ar bhunreachtúlacht na mBillí a tharchuirtear ag an Uachtarán chuig an gCúirt Uachtarach faoi Airteagail 26 an Bhunreachta.
  • Is é an tArd-Aighne a thugann comhairle maidir le heastáit eiséata.
  • Faoin Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí 1975, tá feidhmeanna ag an Ard-Aighne maidir le Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.
  • Tá feidhmeanna ag an Ard-Aighne maidir leis an gclár reachtaíochta agus is ball é de Choiste Reachtaíochta an Rialtais.

Taifid i seilbh na hOifige

Is iad seo a leanas an réimse taifead atá i seilbh na hoifige gur féidir iad a scaoileadh, i.e. baineann na catagóirí leathana seo le cúrsaí riarachán ginearálta:

  • Taifid Chuntas/Chaiteachais
  • Clár Sócmhainní
  • Treoirlínte agus Ciorcláin na Státseirbhíse/an tSeirbhís Poiblí
  • Miontuairiscí cruinnithe an Choiste Chomhairleach Bainistíochta a bhaineann le cúrsaí ginearálta riaracháin
  • Tuarascálacha Bliantúla
  • Ráitis Straitéise

Beartas, Reachtaíocht agus cúrsaí gaolmhara

De ghnáth, ní bhíonn sé de chúram ar na hOifigí cinntí a dhéanamh maidir le beartas ach cuirtear comhairle maidir le beartas dlíthiúil agus le bainisteoireacht saincheisteanna dlíthiúla ar Ranna agus ar Oifigí an Rialtais. Ní bhaineann an comhairle seo más é forálacha an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 faoi Alt 42(f) atá i gceist.

Pleananna & Straitéisí Corparáideacha

Is é Ráiteas Straitéise na hOifige a thugann an treoir don Oifig. Is féidir teacht ar chóip anseo: http://www.attorneygeneral.ie/pub/statements_of_strategy_ga.html.

Tuarascáil Bhliantúil

Tá Tuarascálacha Bliantúla na hOifige ar fáil ar an suíomh Gréasáin: http://www.attorneygeneral.ie/pub/pub_ga.html.

Struchtúr Eagrúcháin

In Oifig an Ard-Aighne, áirítear Oifig Chomhairle Pharlaiminteach an Rialtais agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Tá trí eilimint faoi scáth Oifig an Ard-Aighne:

Tabhair do d'aire go bpléitear leis na trí oifig mar eagraíocht amháin chun críche an Acht um Shaoráil Faisnéise.

Socruithe Rialachais agus Bainisteoireachta

Tá an Oifig tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a thugann tacaíocht do chur i bhfeidhm rathúil na ndualgas ar bhonn eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Is féidir teacht ar shonraí socruithe rialachais na hOifige ina Chreatdoiciméad Rialachais Chorparáidigh ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis faoina stiúrtar agus a rialaítear an Oifig. Tá Creatdoiciméad Oifig an Ard-Aighne ar fáil anseo: http://www.attorneygeneral.ie/pub/governance_ga.html agus tá teacht ar dhoiciméad Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit anseo: http://www.attorneygeneral.ie/csso/gaeilge/publications_ga.htm.

 

Grádú Pá

Is státseirbhísigh atá fostaithe ar bhonn buan nó ar bhonn conartha iad foireann na nOifigí. Uaireanta, earcaítear foireann go háitiúil ach de ghnáth, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) a reáchtálann comórtais earcaíochta speisialtóirí ar son na nOifigí.

Déanann na hOifigí foireann a earcú ó chomórtais ghinearálta le haghaidh na Státseirbhíse arna reáchtáil ag PAS.

Nuair a dhéantar an earcaíocht go háitiúil, fógraítear na folúntais ar shuíomh Gréasáin na hOifige chuí.

Íoctar baill uile foirne ar ghnáthscálaí pá na Státseirbhíse atá ar fáil anseo

Suíomh na hOifige

Oifig an Ard-Aighne
Tithe an Rialtais
Sráid Mhuirfean Uachtarach
Baile Átha Cliath D02 R583.

Guthán: 01-6314000
Ríomhphost: eolas@ag.irlgov.ie

Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Teach Osmond,
Sráid na gCaorach Bheag,
Baile Átha Cliath D08 V8C5.

Guthán: 01- 4176100
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie

Fiosrúcháin ó na Meáin

Preas-Oifig an Rialtais - ríomhphost: press.office@taoiseach.gov.ie

Cairt Chustaiméirí

Cuireann na hOifigí a gCairteacha Cliant ar fáil anseo: http://www.attorneygeneral.ie/pub/client_customer_ga.html agus http://www.attorneygeneral.ie/csso/gaeilge/charter_ga.html

Cód Cleachtais

Is státseirbhísigh de chuid Státseirbhís na hÉireann iad foireann na hOifige agus mar sin, tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.

Na Seirbhísí a Chuirtear ar Fáil don Phobal

Soláthraíonn an Oifig seirbhís dlí do Ranna agus do Oifigí an Rialtais. Áirítear sa tseirbhís seo réimse iomlán seirbhísí dlíthíochta, idirbheartaíochta agus comhairleacha chomh maith le seirbhís dréachtaithe reachtaíochta don Rialtas. Ní chuireann an Oifig seirbhísí ar bith ar fáil don phobal.

Eolas Airgeadais

Maoinítear an Oifig ag vótaí ón státchiste ar a ndéantar leithroinnt mar seo: Oifig an Ard-Aighne (Vóta 3) agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (Vóta 6).

Ullmhaíonn na hOifigí seo Cuntais Bhliantúla Leithghabhála ar a ndéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh. Tá na cuntais is déanaí a ndearnadh iniúchadh orthu ar fáil anseo

Nuair is féidir, baineann an Oifig úsáid as creataí agus conarthaí lárnacha arna chur ar bun ag an Oifig um Sholáthar Rialtais. Cloíonn an Oifig le hoibleagáidí náisiúnta agus le hoibleagáidí an Aontais Eorpaigh i gcás seirbhísí nach gclúdaítear faoi láthair i socruithe Oifig um Sholáthar Rialtais.

Foilsítear eolas ar orduithe ceannaigh €20,000 nó níos mó ar ár suíomhanna Gréasáin:

Oifig an Ard-Aighne: http://www.attorneygeneral.ie/pub/purchase_orders_ga.html

Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit: http://www.attorneygeneral.ie/csso/english/publications_purchaseorders.htm

Eolas arna fhoilsiú ag an Oifig

Is é is cuspóir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a cheadú ar fhaisnéis phoiblí nach bhfuil ar fáil go ginearálta don phobal ar aon slí eile, de réir díolúintí, nósanna imeachta agus teorannacha ama ar leith. Is féidir teacht ar an bhfaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus faoi fheidhmeanna na hOifige gan leas a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise.

  • Tuarascálacha Bliantúla
  • Ráitis ar Straitéis
  • Eolas ar Cheannacháin
  • Ábhar Sheirbhís Chustaiméirí

Is féidir teacht orthu go léir ar shuíomhanna gréasáin na nOifigí: http://www.attorneygeneral.ie/pub/pub_ga.html agus http://www.attorneygeneral.ie/csso/gaeilge/publications_ga.htm

 

Iarratais don Oifig ar Shaoráil Faisnéise

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá teideal ag duine ar bith rochtain a fháil ar fhaisnéis nach bhfuil fáil phoiblí uirthi ar aon slí eile. Ba chóir gach iarratas a bheith i scríbhinn agus é sonraithe air go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir freisin leagan inmhianaithe na dtaifead a lua san iarratas, e.g. fótachóipeanna/diosca. Moltar d'iarratasóirí an méid is mó sonraí agus is féidir a thabhairt chun cabhrú agus na taifid áirithe á n-aimsiú. Más féidir, ba cheart uimhir teagmhála ar féidir glaoigh uirthi le linn uaireanta oifige a chur ar fáil chun críche soiléiriú a lorg ar shonraí iarratais ar Shaoráil Faisnéise. Cabhróidh foireann na hOifige chun iarratas ar Saoráil Faisnéise a chur le chéile, más gá.

Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinntí na hOifige seo a dhéanamh i scríbhinn don seoladh seo:

An tOifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Ard-Aighne
Tithe an Rialtais
Sráid Mhuirfean Uachtarach
Baile Átha Cliath D02 R583.

Guthán: 01-6314000
Ríomhphost: FOIRequest@ag.irlgov.ie

Tugann an Oifig admháil ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh de choicís. Eisítear cinntí ar iarratais laistigh de cheithre seachtaine.

An Ceart Athbhreithniú Inmheánach a fháil ar Chinneadh

Déanann an tAcht um Shaoráil Faisnéise foráil ar an gceart athbhreithniú inmheánach a fháil ar chinntí comhlachtaí poiblí. Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh áit a ndiúltaítear nó a leathdheonaítear iarratas ar Shaoráil Faisnéise, nó áit a gcuirtear siar an rochtain nó a ndéantar cineál na rochtana a dhíospóid.

Meastar go mbíonn diúltú i gceist ar iarratas ar Shaoráil Faisnéise mura n-eisítear cinneadh laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh fháil an iarratais chéanna.

Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinntí na hOifige seo a dhéanamh i scríbhinn don seoladh seo:

An tOifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Ard-Aighne
Tithe an Rialtais
Sráid Mhuirfean Uachtarach
Baile Átha Cliath D02 R583.

Guthán: 01-6314000
Ríomhphost: FOIRequest@ag.irlgov.ie

Déanfaidh an tOifigeach Idirchaidrimh cinnte gur oifigeach ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a ndearna an cinneadh sa chéad áit a dhéanfaidh an t-athbhreithniú. Ba cheart iarratas den chineál seo a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an bhunchinnte. Caithfear go n-eiseofar an cinneadh ar athbhreithniú inmheánach laistigh de thrí seachtaine ón am a fhaightear é.

An Ceart ar Achomharc Deiridh

Má tá aon duine míshásta faoi thoradh ar athbhreithniú inmheánach, d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh ar Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Oifig an Choimisinéara Faisnéisee
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath D02W773

Guthán: +353-1-639 5689

Ríomhphost: info@oic.ie

Táillí le haghaidh Iarratais ar Shaoráil Faisnéise

Ní bhíonn aon táille i gceist le hiarratais ar thaifid a dhéantar faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnáise. Baineann táille ?30 le hathbhreithniú inmheánach ar chinneadh ach amháin mís sealbhóir cárta leighis ní cleithiúnaí sealbhora cárta leighis í an t-iarratasóir. I gcásanna den sórt sin, baineann táille ?10 le hathbhreithniú inmheánach ar chinneadh.