OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

 

Faisnéis do Sholáthraithe agus d’Abhcóidí

Íocaíochtaí le Ríomhaistriú Airgid

Íocann OPAS gach Abhcóide agus soláthraithe eile le ríomhaistriú airgid (RAA).

Faoin modh íocaíochta sin, cuirtear airgead go díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an Abhcóide nó an tsoláthraí go leictreonach. Ní féidir íocaíochtaí a dhéanamh ach amháin go cuntais bhainc i bPoblacht na hÉireann.

Is féidir an Fhoirm Údaraithe le haghaidh íocaíochtaí RAA a íoslódáil thíos. Comhlánaigh agus cuir ar ais í chuig an Aonad Airgeadais, Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, nó le ríomhphost chuig accountsmail@csso.gov.ie.

Tabhair faoi deara go ndeimhneofar na sonraí ar fad a fhaightear leis an Abhcóide/soláthraí sula ndéanfar aon íocaíochtaí trí RAA, d’fhonn an riosca calaoise a íoslaghdú. Má tá aon cheist agat maidir le híocaíochtaí RAA, déan teagmháil le hAonad Airgeadais OPAS ag 01 417 5166 nó le ríomhphost chuig accountsmail@csso.gov.ie.

Foirm Údaraithe RAA Word

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, Éire
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
http://www.csso.ie

© Rialtas na hÉireann