OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

 

Athúsáid Fhaisnéise na hEarnála Poiblí

Comhlíonann Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit na Rialacháin um Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid 2005 agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid. Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo (www.csso.ie) a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais FEP (faisnéis earnála poiblí) is déanaí ag www.psi.gov.ie.

Tá an fhaisnéis atá ar ár suíomh gréasáin faoi chóipcheart ag Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit mura sonraítear a mhalairt. Is féidir an fhaisnéis ar ár suíomh gréasáin a athúsáid saor in aisce.
Áirítear ar an athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint ar an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaítear taighde agus staidéar neamhthráchtála leis freisin.

Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha a leanas. Ní mór duit:

Níl Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit faoi dhliteanas as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann leis an bhfaisnéis a athúsáid agus ní dheimhníonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní údaraíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit go mbeidh cearta eisiacha ag aon úsáideoir ar a cuid faisnéise a athúsáid.

Le haghaidh sonraí iomlána na faisnéise atá ar an suíomh gréasáin seo féach ar ár mapa suímh.

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, Éire
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
http://www.csso.ie

© Rialtas na hÉireann