OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

 

Ráiteas Príobháideachais

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir leis an suíomh gréasáin seo. Níl freagracht orainn as ábhar ná cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile. Bíonn sé soiléir más naisc sheachtracha chuig suíomhanna gréasáin eile atá ann.

Ráiteas Ginearálta

Tá ardmheas ag Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ar do chearta chun príobháideachais, agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan do chead. Láimhseálfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú do an tOifig go deonach leis an gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, de réir an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Ní bhailíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit sonraí pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo, seachas faisnéis a chuireann tú féin ar fáil. Ní bhíonn aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil ar an mbealach seo ar fáil do thríú páirtí ar bith, agus is san Oifig a bhaintear úsáid as, de réir na cúise ar chuir tú an fhaisnéis ar fáil.

Fianáin

Is éard atá i gceist le fianáin ná blúirí beaga faisnéise, arna stóráil i dtéacschomhaid simplí, curtha ar do ríomhaire ag láithreán gréasáin. Is féidir leis an láithreán gréasáin roinnt fhianán a léamh ar chuairteanna iartheachtacha duit. D'fhéadfadh go mbainfeadh an fhaisnéis arna stóráil i bhfianán le do chuid gnásanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó uimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin 'cuimhneach' ort nuair a fhilleann tú. Déantar fianáin eile a scrios nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad sin ach le feidhmiú an láithreáin ghréasáin. Go hiondúil, ní chuimsíonn fianáin faisnáis phearsanta ónar féidir tú a aithint, ach amháin sa chás go bhfuil a leithéid d'fhaisnéis curtha ar fáil agat don láithreán gréasáin.

Oifigeach Cosanta Sonraí

Oifigeach Cosanta Sonraí
Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
3–10 Lána na Seansaireachta
Baile Átha Cliath D08 E4PK
Éire
Ríomhphost: dataprotectionofficer@csso.gov.ie

 

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, Éire
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
http://www.csso.ie

© Rialtas na hÉireann