OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

 

Obair OPAS

Soláthraíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit seirbhísí dlíthíochta, comhairleacha agus tíolactha dá cliaint Rialtais. Tá cúig Rannán Dlí aici, le Príomh-Aturnae Stáit Cúnta i gceannas ar gach ceann agus a eagraítear de réir réimse dlí, agus tá Rannán Seirbhísí Corparáideacha aici freisin. Eagraítear na Rannáin Dlí a thuilleadh ina Rannóga ina ndéileáiltear le cineálacha sainiúla cúrsaí dlí. Soláthraíonn an Rannán Seirbhísí Corparáideacha seirbhísí eagraíochtúla agus bainistíochta, rud a thacaíonn le hobair dlí na hOifige.


Dlí Riaracháin | Dlí Tráchtála agus Fostaíochta | Dlíthíocht Bhunreachtúil agus Stáit
Ceartas | Maoin Stáit | Seirbhísí Corparáideacha

Rannán an Dlí Riaracháin

Rannóg Inimirce agus Tearmainn

Ionadaíonn an Rannóg Inimirce agus Tearmainn an Stát agus na hÚdaráis Stáit in imeachtaí athbhreithnithe breithiúnaigh i gcúrsaí a bhaineann le hinimirce, le náisiúntacht agus saoránacht, agus leis an dlí cosanta idirnáisiúnta. Tá freagracht ag an Rannóg seo freisin as iarratais habeas corpus, i gcás go dtagann siad aníos i gcomhthéacs inimirce nó cosanta idirnáisiúnta. Is é príomhchliant na Rannóige seo ná an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus gníomhaíonn an Rannóg seo freisin don Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta.

An Rannóg Athbhreithnithe Breithiúnaigh

Ionadaíonn an Rannóg Athbhreithnithe Breithiúnaigh an Stát agus na hÚdaráis Stáit i ngach imeacht athbhreithnithe breithiúnaigh nach mbaineann le hinimirce ná tearmainn. Déileálann an Rannóg seo freisin le hiarratais habeus corpus faoi Airteagal 40 den Bhunreacht, le cásanna sonraithe, le litreacha iarratais ó bhinsí eachtracha, le haistriú daoine ar cuireadh pianbhreith orthu, agus le cásanna Choiste Comhlíonta Choinbhinsiún Aarhus.

 

Rannán an Dlí Tráchtála agus Fostaíochta

An Rannóg Conarthaí Tráchtála

Soláthraíonn an Rannóg Conarthaí Tráchtála comhairle maidir le conarthaí tráchtála do Ranna agus Oifigí Rialtais agus soláthraíonn sí seirbhísí aturnae speisialtóra freisin i dtaobh soláthair phoiblí agus dlí tráchtála don Oifig um Sholáthar Rialtais. Áirítear ar obair na Rannóige seo cúrsaí a bhaineann le soláthar poiblí, idirbheartaíocht chonarthach agus dréachtú doiciméad. Láimhseálann sí obair chonarthach in an-chuid réimsí, lena n-áirítear teicneolaíocht faisnéise, maoin intleachtúil, fostaíocht, pinsin, gnóthaí muirí, eitlíocht agus acmhainní nádúrtha.

An Rannóg Dlí Fostaíochta

Soláthraíonn an Rannóg Dlí Fostaíochta comhairle maidir le cúrsaí fostaíochta Státseirbhíse dá cliaint Rialtais agus ionadaíonn sí Ranna agus Oifigí Rialtais ag éisteachtaí fostaíochta agus ag éisteachtaí comhionannais roimh an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus ar achomhairc san Ard-Chúirt.

 

An Rannán Dlí Bunreachtúil agus Stáit

An Rannóg Thráchtála agus Bhunreachtúil

Tá an Rannóg Thráchtála agus Bhunreachtúil freagrach as réimse leathan caingne sibhialta i gcoinne an Stáit agus na nÚdarás Stáit a chosaint i ngach Cúirt. Áirítear ar na saincheisteanna dlí lena ndéileáiltear saincheisteanna tráchtála, bunreachtúla, riaracháin, fostaíochta, stádais teaghlaigh, timpeallachta agus maoine intleachtúla. Láimhseálann an Rannóg seo dlíthíocht Aontais Eorpaigh freisin, lena n-áirítear imeachtaí roimh an gCúirt Bhreithiúnais a dtionscnaítear ag an gCoimisiún Eorpach i gcaingne díreacha, agus cásanna ina ndéanann Éire idirghabháil in imeachtaí a bhaineann le Ballstát nó Institiúid AE eile.

An Rannóg Dlíthíochta Ginearálta

Déileálann an Rannóg Dlíthíochta Ginearálta le dlíthíocht díobhála pearsanta agus le dlíthíocht de dhroim torta eile nár tarmligeadh don Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Áirítear orthu sin clúmhilleadh, éilimh maidir le hearraí lochtacha, ionsaithe ag oifigigh phríosúin, agus achomhairc chuig an Ard-Chúirt ag daoine a ionfhabhtaíodh le Heipitíteas C nó le VEID trí tháirgí éillithe fola. Gníomhaíonn an Rannóg seo freisin don Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát i gcúrsaí áirithe.

Aonad Cuntasaíochta Costais agus Aonad Táillí Abhcóidí

Láimhseálann an tAonad Cuntasaíochta Costais gach ordú costais in aghaidh an Stáit agus costais i gcás gurb é an Stát an creidiúnaí. Láimhseálann an tAonad Táillí Abhcóidí íocaíochtaí táillí dlí d’Abhcóidí.

 

Rannán Ceartais

Rannóg Sócmhainní Coiriúla

Soláthraíonn an Rannóg Sócmhainní Coiriúla seirbhísí dlíthíochta, comhairleacha agus tíolactha don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (BSC). Is é cúram reachtúil an BSC imscrúduithe a dhéanamh ar fháltais atá faoi dhrochamhras ó iompar coiriúil.

Rannóg Dlíthíochta Garda

Déileálann an Rannóg Dlíthíochta Garda le caingne sibhialta i gcoinne an Gharda Síochána. Áirítear ar an obair a dhéanann sí éilimh ar dhamáistí maidir le hionsaí, gabháil éagórach, príosúnú neamhdhleathach, iomrall ceartais, meabhlaireacht agus le clúmhilleadh. Láimhseálann sí freisin iarratais ar fhollasú neamhpháirtí a iarrann nochtadh doiciméadachta.

Rannóg Ceartais agus Coireachta

Déileálann an Rannóg Ceartais agus Coireachta le heiseachadadh agus le hiarratais Barantais Ghabhála Eorpach san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach ar son an Ard-Aighne agus an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus le hiarratais ar Chúnamh Frithpháirteach sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt. Soláthraíonn sí seirbhísí aturnae don Gharda Síochána agus do Ranna cliaint freisin maidir le cúrsaí ar nós ionchoisní, iarratais ar cheadúnú, iarratais a bhaineann leis an Police (Property) Act agus le hiarratais ar aistriú daoine ar cuireadh pianbhreith orthu.

An Rannóg Seirbhísí Dlí

Déileálann an Rannóg Seirbhísí Dlí le hIonchúisimh Aireachta sa Chúirt Dúiche, athbhunú cuideachta, imeachtaí sibhialta ar son an Aire Coimirce Sóisialaí chun airgead a fuarthas go calaoiseach a fháil ar ais, agus ionadaíonn sí an Coimisinéir Luachála in achomhairc roimh an mBinse Luachála. Tá sí freagrach as aisghabháil costas freisin.

 

An Rannán Maoine Stáit

An Rannóg Urrúis Stáit

Comhairlíonn an Rannóg Urrúis Stáit roinnt Ranna Rialtais maidir le cúrsaí maoine agus tíolactha idirbheartaíochta a bhaineann le clárú táillí faoi na Cláir um Chistiú Caipitil le haghaidh Spórt; Ealaíon agus Cultúir agus Oideachais; urscaoileadh iasachtaí a chláraítear faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929-2001 a dheonú; maoin réadach agus phearsanta chuideachtaí cineachta an Stáit faoi Alt 28 den Acht Maoine Stáit 1954 a chineachadh; séanadh maoine ag Sannaí Oifigiúil i bhféimheacht i ndlínse eile; eastáit eiséata faoi Alt 73 den Acht Comharbais 1965 ina bhfuil an Stát mar chomharba ar deireadh thiar faoi dhíthiomnacht a phróiseáil; agus an Stát a ionadú in éilimh ar chúiteamh faoi Ailt 19 agus 120 de na hAchtanna um Chlárú Teidil 1964-2006 agus faoi Alt 21 den Acht Forbairte Minerál 1940.

An Rannóg Díolacháin agus Ceannacháin

Déileálann an Rannóg Díolacháin agus Ceannacháin le tíolacadh idirbheartaíochta agus le comhairlí maoine lena mbaineann ar son réimse leathan Ranna Rialtais. Áirítear ar idirbhearta ceannachán, díolachán agus malartú Maoine Stáit. Soláthraímid comhairle maidir le cláir éagsúla, lena n-áirítear an Clár Mearthógála Scoile, ceannach portach agus cearta portaigh, an Scéim Slánaíochta Sásaimh agus an Clár Cuíchóirithe agus Athchóirithe le haghaidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP). Áirítear Scoileanna, Stáisiúin Ghardaí, Maoin Oidhreachta agus maoin shuntasach tráchtála eile i measc na maoine.

An Rannóg Léasanna Stáit

Déileálann an Rannóg Léasanna Stáit le gach léas agus ceadúnú i gcomhair tailte an Stáit do Ranna Rialtais agus do OOP. Áirítear air sin soláthar gach cóiríocht oifige trí léas ar son OOP. Deonaíonn an Rannóg seo léasanna agus ceadúnaithe i gcomhair Ionaid Iascaigh Urthrá agus Cuain. Déileálann an Rannóg le ceadúnais teileachumarsáide nuair atá leathanbhanda curtha i bhfeidhm le haghaidh gach Roinn agus Oifig Rialtais agus is féidir le hoibritheoirí líonra móibíleacha 4G agus snáithín a sholáthar ó mhaoine atá faoi úinéireacht Stáit.

 

An Rannán Seirbhísí Corparáideacha

An Rannóg Airgeadais agus Cuntas

Bainistíonn an Rannóg Airgeadais agus Cuntas airgeadas OPAS agus cinntíonn sí go bhfuil rialuithe éifeachtacha airgeadais i bhfeidhm. Bainistítear párolla agus taisteal agus cothabháil ag Aonad Seirbhísí Comhroinnte Párolla na Roinne Airgeadais.

Rannóg Acmhainní Daonna / Aonad Oiliúna agus Forbartha

Tá an Rannóg Acmhainní Daonna freagrach as cleachtas forásach acmhainní daonna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm in OPAS. Tacaíonn an tAonad Oiliúna agus Forbartha le forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) fhoireann OPAS trí deiseanna oideachais agus oiliúna seachtracha agus imeachtaí FGL dlí intí a sholáthar.

An tAonad Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide

Tá an tAonad TFC freagrach as córais crua-earraí agus bogearraí OPAS, lena n-áirítear na córais bainistíochta cáis, táirgiúlachta oifige agus cumarsáide atá aici, a bhainistiú, a fhorbairt agus a chothabháil.

An tSeirbhís Eolais agus Faisnéise

Soláthraíonn an tSeirbhís Eolais agus Faisnéise seirbhísí leabharlainne, faisnéise agus eolais d’fhoireann OPAS. Soláthraíonn an tSeirbhís rochtain deisce ar réimse leathan acmhainní faisnéise dlí ar líne don fhoireann dlí, soláthraíonn sí oiliúint i scileanna faisnéise agus eolais, agus tá sí freagrach as Straitéis Bainistíochta Eolais OPAS a chur i bhfeidhm.

An Rannóg Seirbhísí Oifige

Tá an Rannóg Seirbhísí Oifige freagrach as an áitreabh agus na háiseanna a bhainistiú, as sláinte agus sábháilteacht, as bainistíocht doiciméad agus taifead, agus cuireann sí réimse seirbhísí tacaíochta ar fáil d’fhoireann OPAS freisin.

Barr

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, Éire
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
http://www.csso.ie

© Rialtas na hÉireann