OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

 

Cairt Chustaiméirí

Réamhrá

Is comhchuid í Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit d’Oifig an Ard-Aighne agus is í an príomhsholáthraí seirbhísí aturnae don Ard-Aighne agus do Ranna agus Oifigí Rialtais. Soláthraíonn an Oifig seirbhísí aturnae do Ghníomhaireachtaí Stáit áirithe eile agus do Bhinsí Fiosrúcháin freisin, ach ní ghníomhaíonn sí do bhaill an phobail.

Ráiteas Misin

Is é an misean atá againn mar atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise Oifig an Ard-Aighne an caighdeán is airde seirbhísí gairmiúla dlí a sholáthar do Ranna agus Oifigí Rialtais.

Tiomantas do Chustaiméirí

Táimid tiomanta do na nithe a leanas:

Caighdeáin Seirbhíse

Tá na caighdeáin seirbhíse a leanas bunaithe againn:

Seirbhís as Gaeilge

Déanfaidh an Oifig gach iarracht an bealach a réiteach do chustaiméirí atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh as Gaeilge. Déanfaimid an méid a leanas, go háirithe:

Comhionannas/Éagsúlacht

Táimid tiomanta dár seirbhís a sholáthar de réir phrionsabail an chomhionannais mar a chumhdaítear sa reachtaíocht comhionannais. Spreagfaimid feasacht na foirne maidir le saincheisteanna comhionannais agus éagsúlachta.

Rochtain Fhisiceach

Táimid tiomanta dár n-Oifig a choinneáil glan, slán agus inrochtana dár gcustaiméirí faoi mhíchumas.

Aiseolas

Ceapaimid gur gné riachtanach de riachtanais ár gcustaiméirí a thuiscint é an t-aiseolas. Le go mbeimid in ann ár bhfeidhmíocht a mheas, fáilteoimid roimh aon aiseolas nó moltaí atá agat, nó más rud é ar ndóigh gur sháraigh ár seirbhís na hionchais a bhí agat, ba mhaith linn cloisteáil uait faoi sin ionas go mbeimid in ann seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar duit amach anseo.

Cabhraigh linn cabhrú leat

Chun cabhrú linn maidir lenár gcaighdeáin seirbhíse a bhaint amach, bheimis buíoch dá luafá ár n-uimhir thagartha i do chomhfhreagras ar fad linn.

Gearáin

Má tá gearán agat faoi chaighdeán na seirbhíse a chuireamar ar fáil duit agus mura bhfuil tú in ann an cheist a réiteach leis an oifigeach lena mbaineann san Oifig seo ná lena g(h)aroifigeach uachtarach, is féidir leat an gearán a chur ar aghaidh chuig Ceann na Seirbhísí Corparáideacha, Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ag an seoladh thíos.
Caithfear le gach gearán go tapa, go cothrom agus go neamhchlaonta.

Teagmháil a dhéanamh linn

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag:
Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Teach Osmond
Sráid na gCaorach Bheag
Baile Átha Cliath D08 V8C5

Is í an uimhir theileafóin ná 01 4176100. Má tá folíne an bhaill foirne ar mian leat teagmháil a dhéanamh leis/léi ar eolas agat, ba chóir duit uimhir na folíne sin a chur in áit na gceithre uimhir dheireanacha den phríomhuimhir theileafóin.

Tá seoltaí na mball foirne aonair san fhormáid Céadainm_Sloinne@csso.gov.ie

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, Éire
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
http://www.csso.ie

© Rialtas na hÉireann