OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

 

Inrochtaineacht ar an Suíomh Gréasáin

Tá an-chuid gnéithe ar an suíomh seo chun cabhrú le cách a bhfuil cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí agus cumas acu rochtain a fháil ar na leathanaigh seo. Áirítear orthu sin aicearraí méarchláir le haghaidh gach príomhnasc, agus naisc speisialta le go mbeidh úsáideoirí in ann léim thar bharraí nascleanúna chuig an gcéad mhír eile. Déantar cur síos ar na gnéithe sin anseo thíos. Dearadh an suíomh de réir na gcaighdeán a leagtar síos ag eagraíochtaí ar nós an Údaráis Náisiúnta Míchumais agus W3C.org.


Ag Scipeáil thar an mBarra Nascleanúna ar an Taobh

Chun scipeáil thar an mbarra nascleanúna ar an taobh chuig príomhthéacs an leathanaigh, lean an nasc arna mharcáilte "Scipeáil Nascleanúint" a sholáthraítear ag tús na nascleanúna. Mura bhfuil an nasc seo le feiceáil, bain úsáid as an eochair rochtana “s”.

An Eochair Tab a úsáid chun léim idir naisc

Is féidir leat an eochair tab ar do mhéarchlár a úsáid chun léim ó nasc amháin chuig an gcéad nasc eile. Tá ord loighciúil ag gach barra nascleanúna ar an suíomh chuige sin.

Eochracha Rochtana

Leis na heochracha rochtana nó eochracha aicearra, tá úsáideoirí in ann (má cheadaítear sin ag bogearraí a mbrabhsálaí) rochtain a fháil ar naisc ar an suíomh trí na heochracha ar a méarchlár a bhrú agus is féidir iad a úsáid uair ar bith a fheiceann tú nasc le litir le líne fúithi.

Ag brath ar bhogearraí bhrabhsálaí an úsáideora, brúitear ar na heochracha thíos i gcomhar le heochracha eile ar nós ALT nó CTRL de ghnáth. Féach ar dhoiciméadacht do bhrabhsálaí gréasáin le haghaidh tuilleadh sonraí.
Is iad seo a leanas na heochracha rochtana is mó a úsáidtear b’fhéidir:

S: Scipeáil Nascleanúint
1: Leathanach Baile
2: Eagar na hOifige
3: Mapa Suímh
4. Cuardaigh

Priontáil

Tabharfaidh tú faoi deara nuair a phriontálann tú leathanach ón suíomh seo nach bpriontáiltear an nascleanúint ar an taobh ná na naisc ar an mbun. Ar an gcaoi chéanna, beidh an leagan amach beagán difriúil ón méid a léirítear ar scáileán do ríomhaire. Is éard is cúis leis sin ná go gcabhraíonn stílbhileog speisialta le do phrintéir an leathanach a phriontáil go tapa agus gan aon fhaisnéis bhreise ann.

Formáid PDF (.pdf) nó formáid Adobe Acrobat

Tá cuid den fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF chun léamh agus priontáil a dhéanamh níos éasca as líne.

Abair Linn

Má bhíonn aon deacrachtaí agat agus an suíomh seo á úsáid agat nó más maith leat feabhsúcháin a mholadh, abair linn le do thoil trí ríomhphost a chur chuig ár stiúrthóir gréasáin ag: webmaster@csso.gov.ie

Dearbhú Inrochtaineachta

Tástáladh an suíomh seo ag úsáideoirí a úsáideann brabhsálaithe agus teicneolaíochtaí éagsúla, agus ag úsáideoirí le cumais éagsúla.

   

Barr

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath D08 V8C5, Éire
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
http://www.csso.ie

© Rialtas na hÉireann