Skip to main content

Abhcóide Comhairleach

Is é atá i dtaobh Comhairleach Oifig an Ard-Aighne ná dlíodóirí a bhfuil saineolas acu ar réimsí sainiúla dlí. Tá trí ghrád d'Abhcóidí Comhairleacha ann, Grád I (Rúnaí Cúnta), Grád II (Príomhoifigeach) agus Grád III (Príomhoifigeach Cúnta). Is Abhcóidí Comhairleacha iad Ard-Stiúrthóir agus Leas Ard-Stiúrthóir na hOifige freisin.

Is é an príomhdhualgas atá ag an Abhcóide Comhairleach san Oifig ná cúnamh a thabhairt don Ard-Aighne agus é i mbun a cuid feidhmeanna, cumhachtaí agus dualgas. Clúdaítear raon leathan ábhar, ach is féidir na gníomhaíochtaí féin a rangú i dtrí chatagóir: (1) comhairle a sholáthar, (2) dlíthíocht a stiúradh agus (3) comhairle dlí maidir le seirbhís dréachtaithe a sholáthar do Ranna Rialtais.

Oibríonn an tAbhcóide Comhairleach go dlúth le dlíodóirí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte maidir le comhairle a thabhairt ar shaincheisteanna dlí i ndréachtú reachtaíochta, agus in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit maidir le comhairle a thabhairt ar conas dlíthíocht a stiúradh agus cúrsaí dlí eile.

Is é Ard-Stiúrthóir Oifig an Ard-Aighne, atá mar an Abhcóide Comhairleach is sinsearaí chomh maith, ceannaire Oifig an Ard-Aighne in iomlán laistigh de bhrí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, agus is eisean atá freagrach as bainistíocht na hOifige.