Skip navigation
Office of the Attorney General

Athbhreithniú an Dlí Reachtúil

An Tionscadal um Athbhreithniú an Dlí Reachtúil

Leag an Taoiseach amach tionscadal ardaidhmeannach chun aisghair a dhéanamh ar an reachtaíocht uile atá fós ar leabhar na reachtaíochta a bhí achtaithe roimh saoirse na hÉireann i 1922, le códú leabhar reachtaíochta na hÉireann mar an toradh deiridh. D'fhormheas an Rialtas i bprionsabal clár leathan de bhearta um athbhreithniú an dlí reachtúil chun é seo a bhaint amach agus feabhsuithe eile do leabhar na reachtaíochta.

Mar chuid den tionscadal sin, tá an tArd-Aighne agus an Taoiseach ag dul i mbun anailíse réim-leathan de reachtaíocht uile na bparlaimintí éagsúla de chuid na hÉireann, Sasana, na Breataine agus na Ríochta Aontaithe le húdarás acu ar Éire sular bhain Éire amach neamhspleáchas, mar aon le reachtaíocht a tugadh isteach ó 1922.

Féach leathanach an Tionscadail um Athbhreithniú an Dlí Reachtúil le haghaidh tuilleadh eolais.

Leabhar Reachtaíochta na hÉireann

Áiríonn Leabhar Reachtaíochta Leictreonach na hÉireann (eISB), foilsithe ag Oifig an Ard-Aighne, téacs iomlán na nAchtanna, na nIonstraimí Reachtúla agus faoi láthair áirítear Táblaí Croineolaíocha ó 1922 (féach níos mó thíos)

Le hais Leabhar Reachtaíochta na hÉireann inchuardaithe, ó 2007 áiríonn suíomh gréasáin na hOifige téacs na nIonstraimí Reachtúla reatha san eSIS (Scéim Ionstraime Reachtúil leictreonach) chun foilsiú leictreonach na n-ionstraimí reachtúla a chaighdeánú. Tá na téacsanna seo i bhformáid PDF agus níl siad inchuardaithe nó nasctha le suíomh gréasáin Leabhar Reachtaíochta na hÉireann. Áireofar ionstraimí reachtúla breise táirgthe trí an eSIS ar an suíomh de réir mar a bhíonn siad ar fáil.

Féach leathanach Leabhar Reachtaíochta Leictreonach na hÉireann Leictreonach le haghaidh tuilleadh eolais.

Athráiteas

Cumasaíonn Acht an Dlí Reachtúil (Athráiteas) 2002 an tArd-Aighne chun leaganacha nuashonraithe na nAchtanna a chur ar fáil agus a dheimhniú i bhfoirm sholéite. Cuimsíonn athráiteas na leasuithe uile atáthar tar éis a dhéanamh d'Acht ón am inar tháinig sé i bhfeidhm. Tá an leagan deimhnithe curtha ar fáil i dtéacs aonair. Tá sé intuigthe gur modh nuálaíoch agus nua-aimseartha é seo chun Achtanna a thaispeáint a d'fhéadfadh a bheith leasaithe roinnt mhaith uaireanta thar líon suntasach de bhlianta. Feidhmíonn éagsúlachtaí ar an gcoincheap seo go héifeachtach cheana féin i ndlínsí an dlí coiteann ar nós Ceanada agus an Astráil.

Tá múnla na hÉireann dealraitheach go maith le gnáthaimh forfheidhmithe i New South Wales i 1972.

Ní athraíonn na hAthráitis seo an dlí in aon tslí ar bith. Comhcheanglaíonn siad Achtanna agus a gcuid leasuithe i leagan nuashonraithe a thacaíonn leis an léitheoir. Mar sin féin is féidir leo a bheith luaite i gcúirt mar fhianaise prima facie den dlí leagtha amach iontu. .

Le hiarratas an Ard-Aighne, agus i ndiaidh cinneadh Rialtais i mBealtaine 2006, d'aontaigh an Coimisiún um Athchóiriú Dlí freagracht a ghlacadh as ucht an fheidhm seo ó Oifig an Ard-Aighne. In Iúil 2007 d'fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Comhairliúcháin um Athráiteas an Dlí Reachtúil (LRC CP 45-2007).

Féach leathanach na nAthráiteas le haghaidh tuilleadh eolais agus liosta na nAthráiteas deimhnithe go dtí seo.

Eolaire Reachtaíochta (Táblaí Cróineolaíochta)

Ullmhaíonn agus foilsíonn Oifig an Ard-Aighne na Táblaí Croineolaíocha chuig na Reachtanna. Is minic a tagraítear do na táblaí seo mar 'na hinnéacsanna chuig na reachtanna'.

Faoi láthair (seachas líon teoranta na nAthráiteas deimhnithe) chun a fháil amach cén reachtaíocht atá i bhfeidhm agus céard atá leasaithe ag achtacháin iartheachtacha, tá sé riachtanach dul i gcomhairle leis na táblaí seo. De réir mar atá reachtaíocht nua achtaithe, ní foláir d'fhorálacha ag cuimsiú leasuithe a bheith léirmhínithe agus áirithe sna táblaí chun iad a choimeád suas chun dáta. Tá an obair coimpléascach agus am-íditheach d'fhonn go mbaineann sé le himscrúdú gach Acht agus Ionstraim Reachtúil.

I Nollaig 2006 d'aontaigh an Coimisiún um Athchóiriú Dlí le hiarratas an Ard-Aighne go nglacfadh an Coimisiún freagracht i 2007 as ucht cothabháil na dTáblaí Cróineolaíocha na Reachtanna. Foilseoidh an Coimisiún Páipéar Comhairliúcháin i 2008 ag leagadh amach a chuid tuairimí sealadacha ar an slí a dhéanfar cothabháil agus forbairt ar na Táblaí Cróineolaíocha in ainneoin aistriú na freagrachta oibríoch. Críochnóidh freagracht oibríoch Oifig an Ard-Aighne nuair atá na Táblaí Cróineolaíocha nuashonraithe chun forbairtí reachtaíochta chuig 31 Nollaig 2005 a léiriú.

I ndiaidh foshuíomh freagrachta an Choimisiúin as ucht Táblaí Cróineolaíocha na Reachtanna, rinne an Coimisiún cinneadh an ainm "Táblaí Cróineolaíocha na Reachtanna" a athrú go dtí "Eolaire Reachtaíochta". Tógadh an cinneadh seo chun feidhm na hacmhainne seo mar threoir inchuardaithe go leictreonach ar thionchair reachtaíochta, a léiriú ar bhealach níos fearr d'úsáideoirí féideartha.

Déanann an Eolaire Reachtaíochta suas cuid de Leabhar Leictreonach um Reachtaíocht na hÉireann

barr an leathanaigh...