Skip navigation.
Office of the Attorney General

Athráitis

Eolas ar an gCúlra

Tá ár gcóras dlí ina mheascán ilchasta de reachtaíocht curtha i bhfeidhm ag na Parlaimintí difriúla a bhfuil cumhacht feidhmithe acu sa dhlínse seo in éineacht leis an Dlí Coiteann (corp dlí scríofa agus neamhscríofa tugtha síos thar na nglún), dlí Bunreachtúil, dlí Idirnáisiúnta agus Dlí an Aontais Eorpaigh.

Tá dlíthe achtaithe roimh 1922, agus ón am a tháinig an Bunreacht i bhfórsa i 1937 ar aghaidh, san áireamh inár reachtaíocht chomh maith. D’fhéadfadh reachtaíocht ar aon ábhar ar leith a bheith scartha thar réimse d’Achtanna, gach ceann acu ag déanamh leasú ar an gceann roimhe. Chun rudaí a dhéanamh níos casta fós, d’fhéadfadh reachtaíocht a bheith príomha nó tánaisteach. Go minic bíonn ar léitheoir atá ag lorg riail dlí féachaint ar roinnt foinsí agus iad a chomhdhlúthú ina intinn go formáid atá soléite agus comhtháite. Is próiseas fada agus deacair é seo toisc nach bhfuil aon slí éasca le n-aithint cibé an bhfuil leasú déanta ar an dlí óna achtaíodh é nó cibé an bhfuil sé i bhfeidhm ag aon am ar bith, seachas trí fhéachaint ar na Táblaí Cróineolaíocha.

Ligeann an tAcht um an Dlí Reachtúil (Athráiteas) 2002 (Uimh. 33 de 2002) don Ard-Aighne leaganacha suas chun dáta d’Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil i bhfoirm soléite. Ní athraíonn na leaganacha seo, ar a dtugtar Athráitis, brí an dlí in aon slí ach cuireann siad téacs an Achta ar leith i láthair de réir mar atá sé leasaithe óna achtú. Ní bhíonn mionscrúdú parlaiminte ag teastáil ar Athráiteas ach is féidir braith ar sa Chúirt. Luíonn an polasaí agus an gnáthamh maidir le hAthráiteas laistigh de Chlár Oibre an Rialtais ar Athchóiriú Reachtúil leis an gcuspóir de reachtaíocht a dhéanamh níos so-aimsithe agus níos cúntaí don úsáideoir. Tá a thuilleadh eolais ar an bpolasaí agus ar an bpróiseas soláthartha sna cáipéisí ábhartha thíos.

Faoi réir Alt 8 den Acht caithfidh na téacsanna a bheith curtha faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas ar feadh 21 lá tar éis dóibh a bheith deimhnithe ag an Ard-Aighne roimh sula gcuirfear ar fáil go poiblí ar an láithreán gréasáin seo iad. Go dtí seo, tá ceithre Athráitis deimhnithe agus curtha faoi bhráid na dTithe. Féach ar an liosta d'Athráitis thíos.

Cáipéisí Ábhartha

Míníonn na cáipéisí seo a leanas an cur chuige a tógadh roimh aistriú feidhm an Athráitis chuig an Coimisiún um Athchóiriú Dlí.

Liosta d’Athráitis