Is é an misean atá ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas (OPC) ná Billí a dhréachtú ar son an Rialtais agus ionstraimí reachtúla a dhréachtú ar son an Rialtais agus na nAirí Rialtais, ar an gcaighdeán is airde i gcónaí.
Is éard atá in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas ná foireann de shain-dlíodóirí atá ardoilte sa disciplín maidir le reachtaíocht a dhréachtú. Comhpháirt d’Oifig an Ard-Aighne atá inti agus tá sí suite ar Shráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
Seo a leanas na feidhmeanna atá ag OPC -
Ní mór d’Aire Rialtais ar mian leis/léi reachtaíocht a thabhairt ar aghaidh, de réir na riachtanas atá leagtha amach i Lámhleabhar an Rialtais, cinneadh Rialtais ag údarú dréachtú na reachtaíochta sin a fháil. Nuair a bheidh an cinneadh sin faighte iarrfaidh an tAire sin ar an Ard-Aighne dréachtú an Bhille sin a eagrú. Ansin cuirfear an t-iarratas chuig an mBainisteoir Grúpa san OPC, a dhéileálann a g(h)rúpa le hiarratais ón Roinn a bhfuil an tAire freagrach aisti. Ina dhiaidh sin, sannfaidh an Bainisteoir Grúpa Dréachtóirí Parlaiminte chun an Bille a dhréachtú.
Is í feidhm na nDréachtóirí Parlaiminte ná polasaí na Roinne a aistriú go dréacht-Bhille a chuirtear in iúl i dtéarmaí soiléire agus beachta. Féadfaidh saincheisteanna dlíthiúla teacht chun cinn le linn an phróisis dréachtaithe agus b’fhéidir go mbeadh na Dréachtóirí Parlaiminte ag lorg comhairle ó dhlíodóir eile san Oifig (ar a dtugtar Abhcóidigh Chomhairligh) agus í mar shainaidhm comhairle dlí a thabhairt do Ranna Rialtais. D’fhéadfadh go mbeadh ar na Dréachtóirí Parlaiminte dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne ó am go ham le linn an phróisis dréachtaithe. Nuair a bhíonn an Roinn agus an Oifig sásta leis an dréacht-Bhille, agus go bhfuil na saincheisteanna dlíthiúla agus polasaithe uile réitithe, déanfaidh na Dréachtóirí Parlaiminte atá sannaithe leis an mBille a dhréachtú an dréacht deiridh, le stampa OPC air, a tharchur chuig an Roinn. Ansin cuirfidh an tAire an Bille i láthair don Rialtas chun cinneadh a fháil maidir le foilsiú an Bhille. Dréachtaíonn na Dréachtóirí Parlaiminte na leasuithe Rialtais ar fad a chuirtear chun cinn ag Staid an Choiste nó na Tuarascála le linn conair an Bhille trí Thithe an Oireachtais.
Is é an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte ceannaire an OPC agus is aige sin atá an fhreagracht uile maidir le seirbhísí dréachtaithe reachtaíochta a chuireann OPC ar fáil. Tá an OPC deighilte i dtrí ghrúpa, ar a bhfuil Bainisteoir Grúpa, nach bhfuil ar chéim níos ísle ná Dréachtóir Parlaiminte, i gceannas ar gach grúpa . Tuairiscíonn na Bainisteoirí Grúpa don Phríomh-Dhréachtóir Parlaiminte. Tá freagracht ag gach grúpa as seirbhísí dréachtaithe a chur ar fáil do Ranna Rialtais ar leith. Tá gach Bainisteoir Grúpa freagrach as soláthar seirbhísí dréachtaithe an Ghrúpa a bhfuil sé/sí i gceannas air do Ranna Rialtais a bhainistiú. Tá an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte freagrach as pearsanra a dháileadh i measc gach Grúpa dréachtaithe.
Faoi láthair tá 17 ball foirne dréachtaithe buana san OPC. Ina theannta sin, tá 5 Dréachtóir Parlaiminte comhairleach, ceathrar acu siúd a bhí ag obair i ndlínsí eile, eadhon, Ceanada, An Astráil agus Hong Cong. Tá beirt bhall foirne dréachtaithe bhuana eile ann, agus tá an bheirt acu sannaithe chuig an Aonad Athbhreithnithe um Dhlí Reachta. Cuireann sé phost chléiriúla bhuana tacaíocht chléireachais ar fáil don OPC agus don Aonad Athbhreithnithe um Dhlí Reachta. Rúnaí Príobháideach don Phríomh-Dhréachtóir Parlaiminte ceann de na hoifigigh chléireachais bhuana. Ina theannta sin, tá oifigeach feidhmiúcháin amháin a thugann tacaíocht riaracháin ghinearálta don Phríomh-Dhréachtóir Parlaiminte agus do na Grúpaí dréachtaithe.
Seo a leanas gráid na nDréachtóirí Parlaiminte buana: Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte, An Chéad Dréachtóir Parlaiminte, Dréachtóir Parlaiminte, Dréachtóir Parlaiminte Cúnta I, Dréachtóir Parlaiminte Cúnta II.
Cheap an Taoiseach Deirbhle Murphy, Uasal, mar Phríomh-Dhréachtóir Parlaiminte in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas, ceapachán atá i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2003. Fuair Kieran Mooney, tar éis dó a théarma mar Phríomh-Dhréachtóir Parlaiminte a chríochnú, post nua san Oifig mar Chéad Dréachtóir Parlaiminte, ceapachán atá i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2003.
Fochoiste den Rialtas é Coiste Reachtaíochta an Rialtais (GLC). Ar an gCoiste tá an Príomh-Aoire atá ag feidhmiú mar Chathaoirleach, an tArd-Aighne, an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte agus oifigigh ar leith eile ón OPC, bainisteoirí cláir an Taoisigh (An Príomh-Aire) agus an Tánaiste (Leas-Phríomh-Aire), Ceannaire Sheanad Éireann (Teach Uachtarach Pharlaimint na hÉireann) agus ionadaithe eile ó Roinn an Taoisigh. Oibríonn an OPC go dlúth leis an GLC lena chinntiú go gcuirtear clár reachtaíochta an Rialtais i bhfeidhm. Is í feidhm GLC cabhrú leis an Rialtas tosaíochtaí reachtacha a réiteach don chéad sheisiún Parlaiminte eile agus ag féachaint chuige go gcuirtear clár reachtaíochta an Rialtais i bhfeidhm. Déanann sé é seo trí mholtaí a thabhairt don Rialtas maidir le leibhéal na tosaíochta ar cheart a thabhairt do dhréachtú gach Bille (a bhfuil an dréachtú údaraithe ag an Rialtas) agus trí bhaic a d'fhéadfadh teacht chun cinn sa chóras a aithint agus modh gníomhaíochta a mholadh chun moilleanna sa phróiseas dréachtaithe a sheachaint.
Sula dtosaíonn gach seisiún Dála foilsíonn an Rialtas preasráiteas ina leagtar amach na tosaíochta reachtacha don seisiún sin. Tá baint ag an GLC leis an dréacht-phreasráiteas a ullmhú. Tugtar an dréacht-phreasráiteas do na hAirí ar fad sula bhfaigheann Cathaoirleach an GLC údarú ón Rialtas é a fhoilsiú. Is féidir leis na hAirí, ag an bpointe seo, a dtosaíochtaí reachtacha don chéad sheisiún Dála eile a chur in iúl. Braitheann an clár oibre a bhíonn ag an OPC don seisiún Dála atá i gceist ar na tosaíochtaí reachtacha a leagtar amach sa phreasráiteas.
Tá meicníocht ag an GLC maidir le héilimh iomaíocha na Ranna ar sheirbhísí OPC agus le déileáil le fadhbanna a d’fhéadfadh teacht sa bhealach ar chur i bhfeidhm clár reachtaíochta an Rialtais in am.
D’ullmhaigh an OPC cáipéis dar teideal Seicliosta agus Treoirlínte Dréachtaithe na nIonstraimí Reachtúla agus tugadh do na Ranna Rialtais uile agus a n-oifigí coibhneasacha é ar 24 Aibreán 2003, ionas go mbeidís in ann leas a bhaint as agus féachaint air. Is éard atá sa cháipéis seicliostaí maidir le cumadh dréacht-ionstraimí reachtúla agus treoirlínte maidir le dréachtú agus an stíl cheart atá le húsáid san OPC agus sna Ranna Rialtais. Tionscadal leanúnach atá anseo agus déanfar athbhreithniú air ar bhonn tréimhsiúil.
I ndiaidh na Tuarascála ar Riachtanais Ríomh-Reachtaíochta a fhoilsiú in 2003, is í an chéad chéim eile den Tionscadal é a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, i gcomhairle le páirtithe leasmhara eile agus ag féachaint do thosaíochtaí an ríomh-Rialtais agus an ríomh-Dhaonlathais. Forbrófar réiteach ríomh-Reachtaíochta le tacú leis an bpróiseas a bhaineann le téacs reachtaíochta (Billí, Ionstraimí Reachtúla agus Athráitis) agus innéacsanna coimhdeacha a údarú agus a bhainistiú tríd an timthriall reachtaíochta, ó dhréachtú tosaigh na reachtaíochta go díospóireacht parlaiminte agus achtú.
Ag féachaint do na polasaithe Rialtais éagsúla atá ag teacht chun cinn agus na feidhmeanna comh-inoibritheacha éagsúla atá in úsáid faoi láthair i Ranna agus Oifigí Rialtais eile, tá sé dlite ar an OPC na beartais seo a chur san áireamh sula gcuirtear tús leis an gcleachtadh tairisceana. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na feidhmeanna éagsúla atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an Oifig in ann tabhairt faoin gcéad chéim eile den Tionscadal ansin.
Ceapadh an chéad Dhréachtóir Parlaiminte, Arthur Matheson, sular bunaíodh Saorstát Éireann i 1922, agus bhí sé ag obair d’Oifigeach Dlí Rialtas Sealadach na hÉireann. Nuair a tugadh an tArd-Aighne ar Oifigeach Dlí an Rialtais Shealadaigh, d’fhan Oifig an Dréachtóra Parlaiminte leis. Sannadh seirbhísí an Dréachtóra Parlaiminte go foirmiúil don Ard-Aighne trí alt 6 de, agus Sceideal a Naoi, d’Acht Airí agus Rúnaithe, 1924. I Méan Fómhair 2000 d’athraíodh ainm na hOifige ó Oifig an Dréachtóra Parlaiminte go Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.