Skip to main content

Stair

Ceapadh an chéad Dhréachtóir Parlaiminte, Arthur Matheson, sular bunaíodh Saorstát Éireann i 1922, agus bhí sé ag obair d'Oifigeach Dlí Rialtas Sealadach na hÉireann. Nuair a d'éirigh Oifigeach Dlí an Rialtais Shealadaigh ina Ard-Aighne, d'fhan Oifig an Dréachtóra Pharlaiminte leis. Sannadh seirbhísí an Dréachtóra Parlaiminte go foirmiúil don Ard-Aighne trí alt 6, agus Sceideal a Naoi, den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924. I Meán Fómhair 2000 athraíodh ainm na hOifige ó Oifig an Dréachtóra Parlaiminte go hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.