Skip to main content

An Rud a Dhéanann Dréachtóirí Parlaiminte

A. Feidhmeanna Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte (ODP)

Is iad seo a leanas feidhmeanna Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte:

  • Billí Rialtais a dhréachtú (lena n-áirítear Billí ina bhfuil tograí chun an Bunreacht a leasú)
  • leasuithe an Rialtais ar Bhillí a dhréachtú le linn an phróisis Pharlaiminte
  • ionstraimí reachtúla atá le déanamh ag an Rialtas a dhréachtú, nó dréachtaí díobh a réiteach
  • ionstraimí reachtúla atá le déanamh ag Aire Rialtais, Aire Stáit nó na Coimisinéirí Ioncaim a dhréachtú, nó dréachtaí díobh a réiteach
  • ionstraimí reachtúla atá le déanamh ag duine (seachas Aire Rialtais) nó comhlacht atá údaraithe sa cháil sin le reacht, a dhréachtú nó dréachtaí díobh a réiteach, má iarrann Aire Rialtais nó Aire Stáit air/uirthi a leithéid a dhéanamh, sa chás go bhfuil an fheidhm reachtúil ag an Aire sin an dréacht lena mbaineann a fhaomhadh
  • faisnéis a sholáthar do Choiste Reachtaíochta an Rialtais maidir leis an dul chun cinn ar dhréachtú Billí
  • faisnéis a sholáthar do Rannóg an Aontais Eorpaigh, Roinn an Taoisigh, maidir leis an dul chun cinn ar dhréachtú ionstraimí reachtúla an Aontais Eorpaigh
  • comhairle faoi dhréachtú a sholáthar do Ranna cliaint maidir lena n-aidhmeanna a bhaint amach i reachtaíocht mholta
  • comhthadhaill le Ranna cliaint le linn an phróisis dréachtaithe

B. An chaoi ina n-oibríonn Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte

Ní mór do Aire Rialtais ar mian leis/léi reachtaíocht a thabhairt ar aghaidh cinneadh a fháil ón Rialtas ag údarú dhréachtú na reachtaíochta sin, de réir na riachtanas atá leagtha amach i Lámhleabhar na Comh-aireachta. Nuair a dhéanfar cinneadh iarrfaidh an tAire lena mbaineann ar an Ard-Aighne dréachtú an Bhille a eagrú. Ansin seolfar an t-iarratas chuig an mBainisteoir Grúpa in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte a mbíonn a ghrúpa ag plé le hiarratais ón Roinn as a bhfuil an tAire freagrach. Ina dhiaidh sin, sannfaidh an Bainisteoir Grúpa Dréachtóir Parlaiminte chun an Bille a dhréachtú.

Is é feidhm na nDréachtóirí Parlaiminte beartas na Roinne a thrasuí ina dhréachtbhille arna léiriú i dtéarmaí soiléire agus beachta. D'fhéadfadh saincheisteanna dlí teacht chun cinn le linn an phróisis dréachtaithe agus d'fhéadfadh na Dréachtóirí Parlaiminte comhairle a lorg ina leith ó dhlíodóir eile (ar a dtugtar Abhcóide Chomhairleach) in Oifig an Ard-Aighne a bhfuil sé mar fheidhm shainiúil aige/aici comhairle dlí a thabhairt do Ranna Rialtais. D'fhéadfadh a bheith ar na Dréachtóirí Parlaiminte dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne ó am go ham le linn an phróisis dréachtaithe. Nuair a bhíonn an Roinn agus an Oifig sásta leis an dréachtbhille, agus go bhfuil na saincheisteanna dlí agus beartais go léir réitithe, déanfaidh an Dréachtóir Parlaiminte atá sannaithe chun an Bille a dhréachtú an dréacht deiridh a tharchur chuig an Roinn. Ansin cuirfidh an tAire an Bille faoi bhráid na Comh-aireachta le haghaidh cinnidh maidir le foilsiú an Bhille. Déanann na Dréachtóirí Parlaiminte dréachtú freisin ar gach leasú de chuid an Rialtais arna thairiscint ag Céim an Choiste nó na Tuarascála le linn do Bhille a bheith á rith trí Thithe an Oireachtais.