Skip to main content

Ráiteas polasaí maidir le mionteagasc a thabhairt d'Abhcóide

Tugann an tArd-Aighne mionteagasc d'abhcóidí chun comhairle dlí a thabhairt agus chun teacht i láthair na cúirte thar ceann pháirtithe Stáit i gcásanna dlíthíochta.

Tá sé de pholasaí ag an Ard-Aighne mionteagaisc a dháileadh ar líon leathan abhcóidí, ag féachaint d'fhorálacha alt 7 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 a lena bhforáiltear mar a leanas:

"Cinnteoidh an tArd-Aighne go ndéanfar na habhcóidí a áiritheoidh sé ina cháil oifigiúil chun gníomhú nó comhairle a thabhairt thar a cheann nó thar ceann aon duine eile a roghnú, as líon na n-abhcóidí sin a mbeidh curtha in iúl acu go bhfuil siad toilteanach gníomhú nó comhairle a thabhairt amhlaídh, i slí go ndéanfar, i dtuairim an Ard-Aighne, na háirithíochtaí sin a dháileadh go cóir cothrom orthu, bliain in aghaidh bliana, ag féachaint dá n-oiriúnacht maidir le haon áirithíocht áirithe, do leas an phobail agus do dháileadh áirithíochtaí faoi fho-alt (2) den alt seo."

Cuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 oibleagáid ar an Stát, agus é ina pháirtí do imeachtaí sibhialta os comhair na cúirte, an teanga oifigiúil atá roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid.

Nuair atá a chuid oibleagáidí á gcomhlíonadh ag an Ard-Aighne, cuireann sé na nithe seo a leanas san áireamh:

  • Leas an phobail, lena chinntiú gur abhcóidí fíor-ardchaighdeáin iad na habhcóidí a áirithítear chun gníomhú thar ceann an Stáit de réir threoracha an Ard-Aighne;
  • Caighdeán na seirbhíse arna cur ar fáil ag na habhcóidí a d'áirithigh an Ard-Aighne roimhe seo;
  • An chaoi a bhfuil réimsí dlí áirithe fíortheicniúil nó an-speisialaithe agus d'fhéadfadh sé nach n-oirfeadh na réimsí sin ach amháin do líon teoranta cleachtóirí;
  • Neamh-Idirdhealú - mionteagasc a thabhairt d'abhcóidí gan aird a thabhairt ar inscne, claonadh gnéasach, cine, míchumas, aois, creideamh, stádas pósta/teaghlaigh nó ballraíocht den Lucht Siúil.
  • Luach ar airgead agus a chinntiú go dtugtar mionteagasc d'abhcóidí a sholáthróidh seirbhís ar ardchaighdeáin a thabharfaidh luach ar airgead.

Iarrann an tArd-Aighne ar abhcóidí ar mian leo a thabhairt le fios go bhfuil siad sásta mionteagasc a fháil uaidh a gcuid sonraí agus faisnéis ábhartha eile a chur ar aghaidh ag baint úsáid as an bhfoirm. Beartaítear leis an bhfoirm iarratais (a athbhreithníodh in Eanáir na bliana 2023) deis a thabhairt d'abhcóidí an taithí ghairmiúil ábhartha, cáilíochtaí acadúla agus/nó aon fhaisnéis ábhartha eile atá acu a thabhairt le fios, ar faisnéis í, dar leis na habhcóidí, a léiríonn a n-oiriúnacht chun mionteagasc a fháil ón Ard-Aighne. Cé go mbaineann an fhoirm le gach iarratasóir nua, tá sé beartaithe go háirithe chun deis a thabhairt d'iontrálaithe níos nuaí sa Leabharlann Dlí agus dóibhsean atá sna luathbhlianta ag cleachtadh ag an mBarra a ndintiúir agus a n-oiriúnacht a chur in iúl don Ard-Aighne.

Sa chás gur mian le habhcóidí, ar chúiseanna pearsanta, (lena n-áirítear saoire mháithreachais nó saoire thuismitheora ach gan bheith teoranta dóibh) sos a ghlacadh ó mhionteagaisc a fháil, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl d'oifig phríobháideach an Ard-Aighne, agus an dáta ar a mbeidh siad in ann teacht ar ais ag obair a chur in iúl freisin. Freastalófar go hiomlán ar abhcóidí i dtaca leis sin.

D'fhonn amhras a sheachaint, ní hionann a thabhairt le fios go bhfuil tú sásta mionteagasc a fháil, agus deimhniú, leis féin, go gcuirfear ar aon phainéal abhcóidí thú nó go dtabharfaidh an tArd-Aighne mionteagasc duit.