Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí
Tá Oifig an Ard-Aighne tiomanta do sheirbhís ar ardchaighdeán do chustaiméirí a chothabháil agus a fheabhsú. Téama bunúsach de Delivering Better Government (1996) is ea an tiomantas do sheirbhís den scoth a chur ar fáil do chustaiméirí agus faigheann sé tacaíocht athnuaite ó na comhpháirtithe sóisialta sa Programme for Prosperity and Fairness (PPF) agus Ag Coinneáil an Dul Chun Cinn.
Aithníonn Oifig an Ard-Aighne an riachtanas atá ann seirbhís ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil dár gcliaint. Tá smacht agus freagracht ag Oifig an Ard-Aighne as Oifig na nAbhcóidí Parlaiminte don Rialtas agus d'Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, atá ina gcomhpháirteanna d'Oifig an Ard-Aighne.
Tá sonraí le fáil sa Treoir ar Sheirbhís do Chliaint, a aontaíodh air tar éis comhairlithe leis na Coistí Comhpháirtíochta cuí, faoin gclár oibre atá leagtha amach againn dúinn féin chun an seirbhís reatha do chliaint a chothabháil agus a fheabhsú. Táimid muiníneach gur féidir linn na spriocanna seo a bhaint amach.
Príomhghné a chabhraigh leis an rath a bhí ann go dtí seo ná solúbthacht, tiomantas agus toilteanas ár bhfoireann dul in oiriúint agus glacadh le hathrú.
Cinntíonn an Treoir ar Sheirbhís do Chliaint go bhfuil creatlach chuí ann laistigh d'Oifig an Ard-Aighne maidir leis na prionsabail de sheirbhís ar ardchaighdeán do chliaint a chur i bhfeidhm agus chun tuilleadh feabhsaithe a dhéanamh sna blianta amach romhainn.
Is féidir an Treoir ar Sheirbhís do Chliaint don Oifig i Sráid Mhuirfean, an Plean Gníomhaíochta Custaiméara d'Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit agus na Cairteacha Custaiméara don dá Oifig a fháil ar rannán na bhfoilseachán..