OIFIG PHRÍOMH-ATURNAE an STÁIT

Méid an Téacs :

Liocadh | NÍOS MÓ

OPAS


Cuardaigh an Suíomh:

Mionchuardach

Rannán um Cheartas agus Dlí Coiteann

Tá an Rannán seo freagrach as déileáil le dlíthíocht um ghortú pearsanta i gcoinne an Stáit agus tá sé déanta suas de thrí Rannóga:

Ceartas agus Coir

Griangraf: Cill Mhaighneann.

Déileálann an rannóg seo le cásanna eiseachadta sa Chúirt Dúiche agus sa Chúirt Uachtarach thar ceann an Ard-Aighne agus an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Soláthraíonn an rannóg seo seirbhísí Aturnae don Gharda Síochána agus ranna cliaint i nithe cosúil le hIonchoisní, iarratais ar Cheadúnú, iarratais um Maoin Phóilíní, Achomhairc chuig Cúirt Achomhairc na nArm-Chúirteanna, Ionchúisimh Aireachta, comhairle a thabhairt maidir le reachtaíocht ar Aistriú Dhaoine a bhfuil Pianbhreith gearrtha orthu. Soláthraíonn an Rannóg seo comhairle dlí freisin maidir le riaradh ceartais ar ranna cliaint.

Griangraf: Daoine.

Rannóg um Ghortú Pearsanta

Déileálann an Rannóg seo le dlíthíocht um ghortuithe pearsanta ar son Ranna agus Oifigí Rialtais. San áireamh anseo bíonn cásanna ionsaithe an Gharda Síochána agus éilimh tiomnaithe don Ghníomhaireacht Éileamh Stáit faoin Ordú um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Feidhmeanna a Tarmligean agus a Bhronnadh) 2001.

Rannóg um Éilimh Thortacha

Déileálann an Rannóg seo le dlíthíocht um éilimh thortacha i gcoinne an Stáit lena n-áirítear éilimh ar dhamáistí do neamart agus dualgas reachtúil a bhriseadh, príosúnú neamhdhleathach, ionchúiseamh mailíseach, ciapadh agus bulaíocht, éilimh um strus iar-choscrach, clúmhilleadh, núis, foghail, comhshó agus míchoinneáil, dliteanas áititheora agus achomhairc heipitíteas. Déileálann an Rannóg seo le dlíthíocht um dhrochíde leanaí cónaitheach agus neamh-chónaitheach agus obair roimh an gCoimisiúin chun Fiosrú a déanamh ar Dhrochíde Leanaí (Ryan Commission).

Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath 8, Éire.
Fón: (+353 1) 417 6100
Facs: (+353 1) 417 6299
Ríomhphost: contact@csso.gov.ie
http://www.csso.gov.ie

© Rialtas na hÉireann