Skip to main content

Caingne Insteora

Sa bhreis ar a ról príomhúil faoin mBunreacht mar chomhairleoir don Rialtas maidir le cúrsaí dlí agus tuairimí dlí, tá feidhm reachtúil ag an Ard-Aighne i ndáil le hionadaíocht a dhéanamh ar an bpobal i ngach imeacht dlí chun cearta poiblí a dhearbhú nó a chosaint. Deonaítear an fheidhm sin le halt 6(1) den Acht um Airí agus Rúnaithe, 1924. Tagann an fheidhm sin chun cinn de ghnáth nuair a lorgaíonn an tArd-Aighne urghaire chun srian a chur le sárú ar an dlí coiriúil nó ar núis phoiblí, amhail cur isteach ar cheart slí poiblí.

I gcás inar mian le duine den phobal ceart a fheidhmiú a bhaineann leis an bpobal ina iomláine seachas ceart a bhfuil nádúr príobháideach go heisiach aici nó ceart ina bhfuil leas príobháideach imleor ag an duine den phobal chun teidlíocht a thabhairt dó nó di agairt a dhéanamh ina cheart nó ina ceart féin, féadfaidh an duine sin den phobal iarraidh ar an Ard-Aighne a bheith páirteach sna himeachtaí chun críche an ceart poiblí sin a chur i bhfeidhm. I gcás ina gcomhaontóidh an tArd-Aighne é sin a dhéanamh, deirtear go dtionscnaíonn an tArd-Aighne an chaingean "ar insint" an duine den phobal lena mbaineann agus is "caingean insteora" a thugtar ar an gcaingean. I gcás ina ndéantar iarratas ar an Ard-Aighne i ndáil le caingean bheartaithe den sórt sin, ní mór dó cinneadh a dhéanamh cibé an dtoileoidh sé nó nach dtoileoidh sé le caingean insteora a thionscnamh.

I gcás den sórt sin, ní amháin go gcuireann an tArd-Aighne a ainm le caingean arna tionscnamh ag duine príobháideach, ach bíonn an tArd-Aighne ina gearánaí agus bíonn sé de cheart aige cinneadh a dhéanamh conas an cás a stiúradh. Mar sin féin, is é an cleachtas iarbhír i dtéarmaí praiticiúla go láimhseálann aturnae an duine phríobháidigh an cás nuair a bhíonn an tArd-Aighne sásta le bunús na caingne atá beartaithe agus leis an modh ina ndéanfar an chaingean a thionscnamh.

Cinneann an tArd-Aighne cibé toiliú a dheonú nó a dhiúltú maidir le caingean insteora a thionscnamh, agus féadfaidh sé cibé coinníollacha is dóigh leis is cuí a chur leis an deonú. Gan ginearáltacht na rogha sin a theorannú agus a cinneadh á dhéanamh aige, d'fhéadfadh go mbeadh aird ag an Ard-Aighne, i measc nithe eile, ar na cearta a líomhnaítear a bheith sáraithe, ar mhéid an tsáraithe líomhnaithe, ar iarmhairtí an tsáraithe sin don phobal (nó do chuid den phobal), ar neart an cháis, idir ghnéithe dlí agus ghnéithe fianaise, ar thucaid an insteora, ar an éifeacht a bheadh ag tionscnamh imeachtaí dlí ar an gcosantóir beartaithe nó na cosantóirí beartaithe nó aon duine díobh, ar chumas an insteora aon ghealltanas i leith damáistí a chomhlíonadh nó aon chostais arna ndeonú ina choinne nó ina coinne a íoc.

Doiciméid Riachtanacha

Má tá an tArd-Aighne chun breithniú a dhéanamh ar iarratas ar thoiliú uaidh maidir le caingean insteora a thionscnamh, ní mór na doiciméid seo a leanas a chur faoi bhráid an Phríomh-Aturnae Stáit:

  1. Dréacht den toghairm Ard-Chúirte nó den Bhille Sibhialta a bheartaítear le Teastas Abhcóide ar a bhfuil formhuinithe go bhfuil sé ina chás cuí do thoiliú an Ard-Aighne. (Is gnách go gcuirtear cóip den Ráiteas Éilimh a bheartaítear a sheachadadh ar fáil ag an gcéim seo).
  2. Ráiteas Fíoras ina dtaispeántar go soiléir nádúr an chirt phoiblí a líomhnaítear a bheith sáraithe agus gníomh an chosantóra beartaithe a líomhnaítear a rinne sárú ar an gceart sin. Ba cheart go dtabharfaí breac-chuntas ginearálta ar an éileamh sa ráiteas sin, agus go léireofaí ann freisin nádúr agus neart na fianaise lena dtacaítear leis an éileamh.
  3. Cóip den toghairm lena heisiúint, ar féidir toiliú an Ard-Aighne a fhormhuiniú uirthi.
  4. Deimhniú ó aturnae an insteora atá beartaithe gur duine inniúil go leor (i.e. ar dhóthain airgid) é nó í, ar feadh eolas pearsanta an aturnae, chun costais agus caiteachais an Ard-Aighne a íoc mar aon le haon chostais nó damáistí a dhámhtar ina choinne nó ina coinne.
  5. Gealltanas scríofa agus é sínithe ag an insteoir agus fianaithe ag a aturnae nó a haturnae, ina ngealltar gach costas, caiteachas nó damáiste den sórt sin a íoc.

Coinníollacha i ndáil le toiliú le haghaidh caingean insteora

D'fhéadfadh go mbeadh tuilleadh faisnéise agus tuilleadh doiciméad ag teastáil ón Ard-Aighne maidir leis an gcás, chun a chur ar a chumas cinneadh a dhéanamh cibé acu an cás cuí é nó nach ea chun a thoiliú a thabhairt maidir le caingean insteora a thionscnamh.

Gan teorainn a chur le ceart an Ard-Aighne coinníollacha breise a fhorchur maidir le deonú a thoilithe, tá siad seo a leanas ina gcoinníollacha i leith dheonú an thoilithe sin:

  1. Tá cúram ar aturnae an insteora i leith na n-imeachtaí faoi réir an cheanglais gur ag an Ard-Aighne atá rialú iomlán agus stiúradh iomlán na n-imeachtaí.
  2. Ní mór an tArd-Aighne a choinneáil ar an eolas tríd an bPríomh-Aturnae Stáit ar dhul chun cinn na dlíthíochta agus aon chéimeanna dá cuid. Ní mór do gach cumarsáid a bheith idir Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus aturnae an insteora.
  3. Ní mór don Ard-Aighne toiliú le haon imeachtaí ina dhiaidh sin i gcaingean insteora. Ní mór don Ard-Aighne gach dréachtphléadáil a fhormheas sula seachadtar iad agus ní mór a thoiliú a fháil le haghaidh an tseachadta sin. Ina theannta sin, ní mór toiliú an Ard-Aighne a fháil chun pléadálacha a leasú mar is amhlaidh i gcás na n-imeachtaí bunaidh.
  4. Déanann an t-insteoir aon ghealltanas i leith damáistí nó déantar thar a cheann é, agus ní hé an tArd-Aighne a dhéanann é agus ní dhéantar thar a cheann é. Tá gealltanas intuigthe arna thabhairt ag aturnae an insteora a chinntiú nach dtugann an tArd-Aighne aon ghealltanas i leith damáistí nó nach dtugtar thar a cheann é, agus gur é an t-insteoir amháin a thugann gealltanas ar bith nó go dtugtar thar a cheann é.
  5. Is féidir leis an Ard-Aighne iarraidh ar an gCúirt go ndéanfaí caingean insteora a dhíbhe. Más mian leis an insteoir bac a chur ar na himeachtaí nó scor díobh ar théarmaí nó ar shlí eile, ní mór don insteoir cead an Ard-Aighne a fháil ar dtús.
  6. Ní féidir insteoir a bheith i láthair go pearsanta thar ceann an Ard-Aighne. Mura bhfuil an tArd-Aighne i láthair go pearsanta sa Chúirt, ní mór go ndéanfadh aturnae agus abhcóide ionadaíocht air.
  7. Féadfar caingean atá ann cheana a thiontú, le toiliú an Ard-Aighne agus na Cúirte, go dtí caingean insteora in ainm an Ard-Aighne ar insint duine ainmnithe. Tá feidhm ag na ceanglais chéanna maidir le toiliú an Ard-Aighne.
  8. Is ar an insteoir agus ar sin amháin a bhíonn costais dlí na caingne agus is é amháin atá dlite don chosantóir as aon dámhachtain costas agus/nó damáistí a dhéantar i gcoinne an insteora mura n-éiríonn leis an gcaingean. Ní shlánaíonn an tArd-Aighne an t-insteoir i ndáil le haon dliteanas i leith costais dlí agus caiteachas dlí.

Seo iad na príomhchoinníollacha a bhaineann le deonú toilithe an Ard-Aighne maidir le caingean insteora a thionscnamh. Is féidir sonraí breise a fháil ó Oifig an Ard-Aighne, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2. Ní fhéadfaidh an tArd-Aighne agus foireann na hOifige comhairle dlí a thabhairt d'aon duine den phobal. Ba cheart do dhaoine den phobal a gcomhairle dlí féin a fháil maidir leis na nósanna imeachta is ceart dóibh a úsáid chun cearta poiblí a chur i bhfeidhm.