Skip to main content

Stair Ghairid

Sular bhain an Stát neamhspleáchas amach, ba iad an tArd-Aighne agus an tArd-Aturnae na príomhoifigigh dlí in Éirinn. Bhí oifigigh dlí eile ann, áfach, lena n-áirítear Sáirsint agus Comhairleoir Dlí.

San Acht um Airí agus Rúnaithe 1924, foráladh i gcomhair chumhachtaí agus fheidhmeanna an Ard-Aturnae agus an Chomhairleora Dlí a dhílsiú in Ard-Aighne Shaorstát Éireann, mar aon le cumhachtaí agus feidhmeanna an Dréachtóra Parlaiminte, an Phríomh-Aturnae Stáit agus Aturnaetha Stáit áitiúla.

Ar theacht i bhfeidhm do Bhunreacht 1937, bunaíodh oifig bhunreachtúil an Ard-Aighne faoi Airteagal 30 den Bhunreacht. Faoi Airteagal 30, is é príomhról an Ard-Aighne a fheidhmiú mar an té is comhairleoir don Rialtas i gcúrsaí dlí agus tuairimí dlí, agus freastalaíonn an tArd-Aighne ar chruinnithe comh-aireachta sa cháil sin.

Foráiltear le hAirteagal 30.3 go bhfuil cionta (seachas cionta achoimre) a ionchúiseamh ina fheidhm de chuid an Ard-Aighne, nó de chuid duine éigin eile atá údaraithe de réir an dlí é sin a dhéanamh. Tar éis achtú an Achta um Ionchúiseamh i gCionta 1974, aistríodh an fhreagracht as formhór mór na n-ionchúiseamh dá leithéid chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ról a cruthaíodh faoin Acht 1974.

Ó1922 i leith, bhí 30 duine ag fónamh i ról an Ard-Aighne, agus ceapadh cuid díobh ina nArd-Aighne ar feadh níos mó ná téarma amháin.