Skip to main content

Feidhmeanna, cumhachtaí agus dualgais

Is é an tArd-Aighne comhairleoir dlí an Rialtais agus freastalaíonn sé ar chruinnithe Rialtais. Tugann an tArd-Aighne comhairle don Rialtas i ndáil leis na saincheisteanna bunreachtúla agus dlíthiúla a thagann chun cinn roimh chruinnithe Rialtais nó ag na cruinnithe sin, lena n-áirítear cibé an gcloíonn nó nach gcloíonn reachtaíocht bheartaithe le forálacha an Bhunreachta, le hachtanna agus conarthaí an Aontais Eorpaigh, leis an gCoinbhinsiúin Eorpach um Chearta an Duine nó le conarthaí idirnáisiúnta eile ar aontaigh Éire dóibh. Tugann an tArd-Aighne comhairle freisin maidir le cibé an féidir nó nach féidir leis an Stát conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanann an tArd-Aighne ionadaíocht ar son an Stáit sna himeachtaí dlíthiúla a bhfuil baint ag an Stát leo.

Feidhmíonn an tArd-Aighne mar chomhairleoir dlí do gach Roinn Rialtais agus do chomhlachtaí poiblí áirithe. Is é an tArd-Aighne ionadaí an phobail i ngach imeacht dlí maidir le forfheidhmiú an dlí agus maidir le cearta poiblí a dhearbhú nó a chosaint. Cosnaíonn an tArd-Aighne bunreachtúlacht na mBillí a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 26 den Bhunreacht. Tá an tArd-Aighne ina chomhalta ex officio den Chomhairle Stáit ar féidir le hUachtarán na hÉireann dul i gcomhairle léi i ndáil leis an bhfeidhmiú agus an gcomhlíonadh a dhéanann sé ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna áirithe faoin mBunreacht. Tá feidhmeanna ag an Ard-Aighne freisin i leith an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí faoin Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, maidir le clár reachtaíochta mar chomhalta den Choiste Reachtaíochta atá faoi chathaoirleacht Phríomh-Aoire an Rialtais. Tá feidhm ag an Ard-Aighne freisin faoin Acht Cróinéirí, 1962 chun treoir a thabhairt do chróinéir ionchoisne a reáchtáil i gcás ina measann sé gur inmholta ionchoisne a reáchtáil mar gheall ar an gcaoi ina bhfuair duine bás. Tá roinnt feidhmeanna reachtúla teoranta ag an Ard-Aighne chomh maith, m.sh. an tAcht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962.

Tá Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit araon ina gcomhchodanna d'Oifig an Ard-Aighne. Dá réir sin, is ionann na príomhfheidhmeanna dlíthiúla a chuirtear i gcrích san Oifig ina hiomláine agus soláthar comhairle dlí (Abhcóidí Comhairleacha), dréachtú reachtaíochta (Dréachtóirí Parlaiminte), agus seirbhísí dlíthíochta, tíolactha agus seirbhísí idirbheartaíochta eile a sholáthar (Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit).