Skip to main content

Eagraíocht agus Struchtúr

Faoi láthair, tá an chuid Chomhairleach d'Oifig an Ard-Aighne roinnte ina cúig ghrúpa feidhmiúil. Tá idir seachtar agus naonúr Abhcóidí Comhairleacha II agus Abhcóidí Comhairleacha III, arna gcomhordú ag Abhcóide Comhairleach I, i ngach grúpa. Tá saineolas suntasach ag Abhcóidí Comhairleacha sna réimsí dlí atá sannta. Tá an méid sin i gcomhréir le Ráiteas Straitéise na hOifige a bhfuil sé de chuspóir tábhachtach aici "sainseirbhís comhairleach dlí a sholáthar".

Mar aon leis an gcúig ghrúpa feidhmiúil in Oifig an Ard-Aighne, tá roinnt Abhcóidí Comhairleacha sannta ar iasacht ag Oifigí agus Ranna Rialtais ina bhfeidhmíonn siad mar chomhairleoirí dlí "intí".

Tá Abhcóide Comhairleach sannta ar iasacht mar Chomhairleoir Dlí ag Buanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil. Ó am go ham, rinneadh Abhcóide Comhairleach a chur ar iasacht ag an gCoimisiún Eorpach, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.