Skip to main content

An méid a dhéanann Abhcóide Comhairleach

Tugann an Oifig faoi raon leathan oibre comhairlí de ghnáth, lena n-áirítear dlí bunreachtúil agus dlí riaracháin, dlí an AE, dlí tráchtála, dlí poiblí idirnáisiúnta agus dlí coiriúil - go deimhin, aon saincheist dlí a dteastódh comhairle dlí ina taobh ón Rialtas nó ó Roinn. Tá Oifig an Ard-Aighne (lena n-áirítear Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit) freagrach as an gcuid is mó den dlíthíocht shibhialta arna cur i bhfeidhm ag an Stát a láimhseáil. Baineann sin le caingne i ngach Cúirt sa Stát, i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus sa Chúirt Ghinearálta i Lucsamburg, agus os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Strasbourg. (Sa chás deireanach is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, seachas an Príomh-Aturnae Stáit a bhíonn ag feidhmiú mar ghníomhaire). Braitheann rannpháirtíocht bheacht an Abhcóide Chomhairligh agus an Ard-Aighne féin ar dheacracht agus ar thábhacht an cháis. Is í an chaoi a dtarlaíonn an rannpháirtíocht sin ná go n-iarrann an t-aturnae atá ag plé leis an gcás treoracha ón Ard-Aighne nó óna fhoireann. De ghnáth ní bhíonn baint ag Oifig an Ard-Aighne le cúrsaí coiriúla, is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a bhíonn ag plé leo sin. Ní bhíonn baint ag Oifig an Ard-Aighne freisin le bainistiú éileamh um ghortú pearsanta agus damáiste do mhaoin a dhéantar i gcoinne an Stáit, atá mar fhreagracht na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát.

Tugann Dréachtóirí Parlaiminte sainoilte faoi dhréachtú reachtaíochta in Oifig an Ard-Aighne, agus tá ról tábhachtach, ach ról cúnta go bunúsach, ag an Abhcóide Comhairleach sa phróiseas dréachtaithe. Is é ról an Abhcóide Chomhairligh go príomha ná comhairle a chur ar fáil faoin ngníomhaíocht reachtach atá molta, mar shampla, an mbeadh coinbhleacht idir í agus forálacha an Bhunreachta, achtanna agus conarthaí an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine nó conarthaí idirnáisiúnta eile ar aontaigh an Stát dóibh.